An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
Cúirt idirnáisiúnta atá sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, nó an CECD.[1] Bunaíodh an Chúirt sa bhliain 1959 i Strasbourg na Fraince. Pléann an chúirt le cásanna a chuirtear faoina bráid ina líomhnaíonn stáit nó daoine aonair go bhfuil sárú déanta ar na cearta atá daingnithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[2]
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | CEDH, ECHR, CEDH, TEDH agus EGMR |
Cineál | cúirt idirnáisiúnta |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 20 Aibreán 1959 |
Bunaitheoir(í) | Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Síofra O’Leary (2022–) |
Máthaireagraíocht | Comhairle na hEorpa |
Eile | |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | https://www.echr.coe.int |
Eagraíocht
cuir in eagarCuimsíonn an CECD 46 breitheamh, duine amháin ó gach ceann de bhallstáit Chomhairle na hEorpa, a dhaingnigh an Coinbhinsiún um Chosaint Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha.[3]
Cuireann an chúirt an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i bhfeidhm, agus déanann na breithiúna cinneadh neamhspleách ar ghearáin maidir le sáruithe ar an gCoinbhinsiún agus ní mar ionadaithe dá mBallstáit. Tá a chinntí ceangailteach ar thíortha.[3]
Cásanna
cuir in eagar- 1961: Lawless v. Ireland[4], an chéad chás riamh os comhair na Cúirte
- 1971: Oibríocht Demetrius: rialaigh an CECD nach céasadh a bhí sa drochíde i dTuaisceart Éireann, ach íde a bhí “mídhaonna & táireach”, de shárú ar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[5]
- 1988 : Spreag Bruno Kreisky, polaiteoir de chuid na hOstaire, cásanna cúirte áirithe, a bhfuil aithne mhaith ar cheann acu ag mic léinn ó thaobh an dlí Eorpach um chearta an duine de, mar gheall ar an breithiúnas sa chás Lingens v Austria (breith phearsanta ar fhiúntas v fíricí agus figiúirí) sa bhliain 1986,[6][7] maidir le hiriseoir a ciontaíodh i gclúmhilleadh coiriúil i dtaobh an tSeansailéara.[8]
- 1998: NORRIS v. IRELAND, thug an Chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[9] D’aontaigh an CECD le David Norris agus Mary Robinson nuair a mhaígh siad nach raibh de cheart ag Éirinn dlíthe in aghaidh lucht LADT a chur i bhfeidhm.
- 1987-2001 : Luíochán Loch gCál. Ar an 4 Bealtaine 2001, rialaigh[10] an CECD gur tharla sárú ar chearta daonna.
- 1997 : An cás Schießbefehl. Rialaigh an CECD go bhfuil an ceart chun na beatha, thar aon ní eile, an luach uachtarach in ordlathas idirnáisiúnta chearta an duine.[11][12]
- 2003 : Dhiúltaigh méara ar Vársá, Lech Kaczyński, cead do mórshiúlta ar son Bhród na nAerach faoi dhó.[13] Shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sáraíodh ar an gcaoi sin Airteagal 11 den Choinbhinsiún.
- 2010idí. Ciontaíodh Alexei Navalny sa Rúis sna 2010idí. Shocraigh an CECD gur tháinig na pianbhreitheanna i ndiaidh gur séanadh an ceart chun trialach cothroime ar Navalny.
- 2022 : Plean tearmainn na Ríochta Aontaithe in Ruanda
- 2023 : Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023. Chinn Rialtas na hÉireann in 2023 dúshlán an Achta a thabhairt sa CECD.
Féach freisin
cuir in eagar- Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
- Úna Ní Raifeartaigh, breitheamh na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
- Seán MacBride
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Béarla: European Court of Human Rights nó an EHCR
- ↑ "Cainteoir líofa Gaeilge tofa mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-18). Dáta rochtana: 2024-04-18.
- ↑ 3.0 3.1 "Breitheamh nua san Eoraip a thug tacaíocht do Ghaeilgeoirí" (en-GB) (2024-04-16). Dáta rochtana: 2024-04-21.
- ↑ "Lawless v. Ireland" (as en) (2024-03-03). Wikipedia.
- ↑ Scoil Dlí. "breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine 1978" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-19.
- ↑ "Lingens v. Austria" (as en) (2023-06-04). Wikipedia.
- ↑ "HUDOC - European Court of Human Rights". hudoc.echr.coe.int. Dáta rochtana: 2023-07-29.
- ↑ Scoil Dlí,COBÁC (2019). "Bruno Kreisky". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "KELLY AND OTHERS v. THE UNITED KINGDOM - 30054/96 [2001 ECHR 328 (4 May 2001)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2020-05-04.
- ↑ breithiúnas den 22ú lá de Mhárta 2001, para 87.
- ↑ "STRELETZ, KESSLER AND KRENZ v. GERMANY - 34044/96;35532/97;44801/98 [2001 ECHR 230 (22 March 2001)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2020-08-25.
- ↑ 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Seal sa Pholainn" (ga). LeabhairCOMHAR. Dáta rochtana: 2020-04-10.