Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Osclaíodh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine[1][2] chun a shínithe sa Róimh ar an 4 Samhain 1950. Aon duine a mheasann go bhfuil sárú déanta ag stát is páirtí don Choinbhinsiún ar na cearta atá aige nó aici faoin gCoinbhinsiún, féadfaidh sé cás ina thaobh sin a thabhairt os comhair na Cúirte. Breithiúnais a chineann go ndearnadh sárú, tá siad ceangailteach ar na stáit i dtrácht agus tá sé d'oibleagáid ar na stáit sin na breithiúnais a fhorghníomhú.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
Íomhá
Cineálconradh
international human rights instrument (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deinternational human rights law (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Samhain 1950 Cuir in eagar ar Wikidata
Daingniú
an Albáin (2 Deireadh Fómhair 1996)
Andóra (22 Eanáir 1996)
an Airméin (26 Aibreán 2002)
an Ostair (3 Meán Fómhair 1958)
an Asarbaiseáin (15 Aibreán 2002)
an Bheilg (14 Meitheamh 1955)
An Bhoisnia-Heirseagaivéin (12 Iúil 2002)
an Bhulgáir (7 Meán Fómhair 1992)
an Chróit (5 Samhain 1997)
an Chipir (6 Deireadh Fómhair 1962)
Poblacht na Seice (18 Márta 1992)
an Danmhairg (13 Aibreán 1953)
an Eastóin (16 Aibreán 1996)
an Fhionlainn (10 Bealtaine 1990)
an Fhrainc (3 Bealtaine 1974)
an tSeoirsia (20 Bealtaine 1999)
an Ghearmáin (5 Nollaig 1952)
an Ghréig (28 Samhain 1974)
an Ungáir (5 Samhain 1992)
an Íoslainn (29 Meitheamh 1953)
Éire (25 Feabhra 1953)
an Iodáil (26 Deireadh Fómhair 1955)
an Laitvia (27 Meitheamh 1997)
Lichtinstéin (8 Meán Fómhair 1982)
an Liotuáin (20 Meitheamh 1995)
Lucsamburg (3 Meán Fómhair 1953)
Málta (23 Eanáir 1967)
Monacó (30 Samhain 2005)
Montainéagró (3 Márta 2004)
Ríocht na hÍsiltíre (31 Lúnasa 1954)
an Mhacadóin Thuaidh (10 Aibreán 1997)
an Iorua (15 Eanáir 1952)
an Pholainn (19 Eanáir 1993)
an Phortaingéil (9 Samhain 1978)
An Mholdóiv (12 Meán Fómhair 1997)
an Rómáin (20 Meitheamh 1994)
an Rúis (5 Bealtaine 1998)
San Mairíne (22 Márta 1989)
an tSeirbia (3 Márta 2004)
an tSlóvaic (18 Márta 1992)
an tSlóivéin (28 Meitheamh 1994)
an Spáinn (4 Deireadh Fómhair 1979)
an tSualainn (4 Feabhra 1952)
an Eilvéis (28 Samhain 1974)
an Tuirc (18 Bealtaine 1954)
an Úcráin (11 Meán Fómhair 1997)
an Ríocht Aontaithe (8 Márta 1951) Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm3 Meán Fómhair 1953 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceSecretary General of the Council of Europe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Obair iomlán ar fáil ag URLechr.coe.int… Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáincoe.int… Cuir in eagar ar Wikidata


An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg

Is í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an ghníomhaireacht ab aithnidiúla de Chomhairle na hEorpa, a chuireann an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i bhfeidhm.

An Coinbhinsiún agus an tAontas Eorpach cuir in eagar

Tá gach ceann de 27 mBallstát an Aontais ina bpáirtithe sa choinbhinsiún.

 
2010ː stampa comórtha, an Liotuáin

Chun a áirithiú go bhfuil an tAontas agus dlí an Aontais faoi réir na gcaighdeán céanna agus atá sna Ballstáit, cuirtear mar oibleagáid ar an Aontas Eorpach, le Conradh Liospóin, aontú don Choinbhinsiún.

Cé gur coinníoll ballraíochta den AE é daingniú an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, níl an AE faoi chumhdach an choinbhinsiúin fós.[4] Sa bhliain 2020, tá idirbheartaíocht ar siúl idir an dá thaobh.[5] Níor stop sé sin, an Chúirt Bhreithiúnais ó aitheantas a thabhairt do na prionsabail atá i bpáirt ag na Ballstáit uile (i.e. an Coinbhinsiún um Chearta an Duine), agus is dealraitheach go mbíonn aird ag gCúirt Bhreithiúnais agus an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar rialuithe a chéile chun a áirithiú nach bhíonn a gcásdlí ar neamhréir lena chéile.  

Stair cuir in eagar

 
Seán MacBride circa 1947

Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an 3 Meán Fómhair 1953. Ba é an chéad ionstraim é a thug éifeacht do líon áirithe de na cearta a luaitear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus tugann sé ceangal dlí dóibh.

Bhí Éire i measc na dtíortha a shínigh Coinbhinsiún i dtosach báire.[6] Ghlac Seán MacBride ról tábhachtach i mbunú Chomhairle na hEorpa agus in ullmhúchán don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar MacBride mar gheall ar an dea-obair seo.

Sa bhliain 1959, cuireadh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar bun. Bunaíodh an sásra cosanta seo in Strasbourg chun scrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go mbeadh stáit is páirtí don Choinbhinsiún ag comhlíonadh na ngealltanas a tugadh faoin gCoinbhinsiún.

Sa bhliain 1998,gheall Rialtas na Breataine, faoi bhun Chomhaontú Aoine an Chéasta, an Coinbhinsiún Eorpach a fhí isteach i ndlí Thuaisceart Éireann, agus Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine a chur ar bun.[7][8]

Cásanna cuir in eagar

  • Sa bhliain 2006, toghadh Lech Kaczyński ina mhéara ar Vársá. Sa phost sin, dhiúltaigh sé cead do mórshiúlta ar son Bhród na nAerach i Vársá faoi dhó.[9] Shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sáraíodh ar an gcaoi sin Airteagal 11 den Coinbhinsiún Eorpach.[10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. European Convention on Human Rights
  2. ECHR. "Téacs". Dáta rochtana: 2020.
  3. historia-europa.ep.eu. "Cearta Daonna". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2020.
  4. Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais tuairim dhiúltach uaithi ar an 18 Nollaig 2014 maidir le comhoiriúnacht an dréacht-chomhaontaithe le Conarthaí an Aontais. Tá réiteach nua á phlé lena bhféadfar an oibleagáid aontachais atá sa Chonradh a chomhlíonadh lena gcuirtear san áireamh na gnéithe go léir a luaigh an Chúirt sa tuairim uaithi.
  5. "EU accession to the ECHR" (en-GB). Human RightsIntergovernmental Cooperation. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  6. Scoil Dlí, COBÁC. "Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  7. forasnagaeilge.ie. "[https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/12/Foras-A4-Council-Guidelines-Irish-Prf10.pdf Comhthéacs dlíthiúil agus reachtúil na Gaeilge i dTuaisceart Éireann]". Dáta rochtana: 2020.
  8. Sinn Féin (2017). "Stádas sainithe ar leith a chinntiú don Tuaisceart san Aontas Eorpach". Dáta rochtana: 2020.
  9. 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Seal sa Pholainn" (ga). LeabhairCOMHAR. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  10. "Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  11. Department of Foreign Affairs. "Frank Power - An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-11-04.