Málta

stát ceannasach i nDeisceart na hEorpa suite ar oileánra sa Mheánmhuir

Tír bheag oileánach sa Mheánmhuir is ea Málta (Máltais: Malta, Béarla: Malta), ar mar a dtugtar go hoifigiúil Poblacht Mhálta (Máltais: Repubblika ta' Malta, Béarla: Republic of Malta). Tá an tír suite in áit straitéiseach idir an Afraic Thuaidh agus an Iodáil, agus mar sin, is iomaí cath a chuir na tiarnaí is na flatha fúithi ar feadh na gcéadta bliain, ó bhlianta Impireacht na Róimhe go dtí an Dara Cogadh Domhanda. Tá Málta ar an tír is lú san Aontas Eorpach ó thaobh an achair agus an daonra de. Oileánra atá ann, agus is iad Oileán Mhálta, Għawdex (Gozo), agus Kemmuna (Comino) na hoileáin is mó.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMálta
Malta (mt) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnL-Innu Malti Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Truly Mediterranean» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósmil Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 35°54′N 14°30′E / 35.9°N 14.5°E / 35.9; 14.5

PríomhchathairVaileite Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán465,292 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,472.44 hab./km²
Teanga oifigiúilan Mháltais
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Aontas Eorpach
Comhlathas Briotanach (1800–1964) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla316 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTa' Dmejrek (en) Aistrigh (253 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Mheánmhuir (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síStát Mhálta agus Crown Colony of Malta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú21 Meán Fómhair 1964
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisparliamentary democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Mhálta Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Mhálta Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Malta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMarie Louise Coleiro Preca (2014–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire Mhálta Cuir in eagar ar WikidataRobert Abela (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil Mhálta Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil17,743,376,199 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.mt Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+356 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 191, 199, 196 agus 116117 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreMT Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSMT Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.mt Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: MaltaGov Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an Mháltais caint na sráide i Málta, cé go bhfuil an Béarla á labhairt go forleathan sna cathracha is mó. Ní bhíonn na Máltaigh dall ar an Iodáilis ach an oiread. Canúint Araibise is ea an Mháltais go stairiúil, ach tá sí éirithe chomh breac le focail iasachta ón tSicilis, ón Iodáilis chaighdeánaithe agus ón mBéarla agus nach dtuigeann an tArabach agus an Máltach a chéile inniu ar aon nós. Is dócha go bhfuil níos mó Iodáilise ná Araibise i stór focal na teanga inniu, cé go bhfuil cuma na hAraibise ar an ngramadach i gcónaí.

Is é an Caitliceachas reiligiún dúchasach Mhálta inniu. Bíonn na Máltaigh ag ceiliúradh féilte i ndilchuimhne ar na naoimh Chaitliceacha, agus is cuid thábhachtach de na féilte seo an tine ealaíne, ar traidisiún í i Málta.

Daonra cuir in eagar

Sa bhliain 2005, bhí timpeall ceithre chéad míle duine ina gcónaí i Málta, na bundúchasaigh agus na daoine eile a raibh cónaí fadtéarmach orthu sna hoileáin san áireamh. Caitlicigh ab ea 98% de dhaonra na Poblachta, agus tá cuma an-Chaitliceach ar dhlíthe agus ar reachtaíocht na tíre. Mar shampla, ní féidir colscaradhginmhilleadh a fháil go dlíthiúil i Málta, cé go mbíonn cailíní óga ó na hoileáin ag tabhairt cuairteanna ar an Spáinn anois agus arís ar lorg ginmhillte.

Ó tá Málta suite san áit a bhfuil sí, tá an inimirce ina ceist chonspóideach i Málta inniu. Is dual do na Máltaigh bheith fáiltiúil roimh lucht inimirce, agus i gcomparáid leis an daonra, bronnann Málta ceadúnas cónaí nó tearmann ar dhream níos mó de neamhnáisiúnaigh ná aon tír eile san Aontas Eorpach. Mar sin féin, tá an inimirce neamhdhlíthiúil ina fadhb a chuireann an-straidhn ar chóras na sláinte poiblí agus ar an margadh cúng oibre i Málta, rud a spreagann ciníochas. Tá gluaiseacht sách láidir sa Phoblacht, Imperium Europa, atá ag cur in aghaidh na hinimirce.

De réir an Eurobaromater tá Máltais ag 100% de dhaonra Mhálta, Béarla ag 88%, Iodáilis ag 66% agus Fraincis ag 17%.

 

Cultúr cuir in eagar

Múnlaíodh cultúr Mhálta faoi thionchar na nArabach, na Sicile, na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe, agus a lorg sin le haithint ar shaol na n-oileán.

Tá an béaloideas beo i gcónaí in intinn na seandaoine, agus dianstaidéar á dhéanamh air ag na saineolaithe. Ceiliúrtar féilte na naomh Caitliceach go ragairneach, cosúil leis an dóigh a ndéantar i nDeisceart na hIodáile - nó mar a cheiliúrtaí na "patrúin" in Éirinn nuair a bhí an chuid ba mhó den tír ina Gaeltacht go fóill. Tá an tine ealaíne ina cuid lárnach de na féilte seo. Déanta na fírinne, is nós le muintir Mhálta a gcuid roicéad agus buamaí tine ealaíne a dhéanamh sa bhaile nó i gceardlanna príobháideacha nach ndearnadh aon iniúchadh nó cigireacht oifigiúil orthu riamh. Mar sin, is iomaí teaghlach Máltach a fágadh gan athair nuair a madhmadh an t-ábhar pléasctha de thimpiste i gceann de na ceardlanna seo.

 
Is é Birkirkara an chathair is mó i Málta agus breis is 22,000 duine ina gcónaí ann.

Geilleagar cuir in eagar

Roimh an mbliain 1800, ní raibh de ghnóthaí ag muintir Mhálta ach gnó an chadáis, gnó an tobac agus an longcheártaíocht. Níos déanaí, bhain na Sasanaigh úsáid mhíleata as na longcheártaí. Nuair a bhí ina chogadh, ba dual do gheilleagar an oileáin borradh, rud a bhí le haithint go háirithe le linn Chogadh na Crimé sa bhliain 1854.

Sa bhliain 1869, osclaíodh Canáil Suaise. Chabhraigh an Chanáil go mór mór le geilleagar Mhálta, agus an oiread de longa a thagadh ag stopadh i gcuanta Mhálta le breosla a thógáil.

Ag deireadh na naoú haoise déag, thosaigh an geilleagar ag cúlú arís, agus nuair a tháinig na 1920idí, bhí cúrsaí eacnamaíochta Mhálta go dona ar fad. B'é ba chúis leis seo ná an feabhas a tháinig ar na longa trádála idir an dá linn. Bhí raon ní b'fhaide ag na longa nua, agus ní chaithidís stopadh i Málta le haghaidh breosla.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda tháinig athrú ar chuma phort Mhálta. Chuaigh a thábhacht mhíleata i laghad agus ní raibh leagan amach an Phoirt Mhóir oiriúnach d’óstáil an last-táille mhuirí nua-aoisigh.

 
Port 2006

Sna 1980idí, thosaigh port tráchtála nua ag feidhmiú ag Marsaxlokk, i ndeisceart an oileáin. Rinneadh mol fuinnimh den phort seo atá níos inrochtana agus níos doimhne, agus rinneadh príomh-mhol de don trácht coimeádán sa Mheánmhuir. Ag an bPort Mór, chuaigh an ghníomhaíocht tráchtála i laghad, go dtí nach raibh fágtha ach cúpla cé a bhí tiomanta don bhulclasta (ábhair thógála, grán) agus trí longchlós deisithe agus cothabhála. Tháinig meath ar an gcuid eile den infreastruchtúr.

Inniu, tá Málta go mór mór i dtuilleamaí na turasóireachta le teacht isteach éigin a chinntiú dá muintir. Idir 2001 agus 2012[1], chuaigh líon na dturasóirí cúrsála a thug cuairt ar Mhálta i méadaíocht, ó 175,000 go 608,786. De réir na staitisticí is déanaí, cruthaíodh 2,000 post díreach mar gheall ar ghníomhaíocht turasóireachta, sa phríomhchathair go príomha.

Sna 1990idí, tógadh cé le bheith ag freastal ar longa cúrsála. Taobh istigh de chúpla bliain bhí ráchairt iomarcach ar an muiríne agus bhí níos mó long cúrsála ag tabhairt cuairte ar Valletta i rith an ama. Ag deireadh na 1990idí, shocraigh an rialtas agus an tAontas Eorpach go ndéanfaí ról údarás an phoirt a fhorbairt óna ról mar oibreoir le go ndéanfaí rialaitheoir de. Socraíodh go ndéanfaí oibriúcháin an phoirt a phríobháidiú, ag tosú leis an bport cúrsála, ar deonadh lamháltas 65 bliana dó i 2001.

 
Port, Malta, 2014

An toradh air sin uilig ná an ceantar a dtugtar Valletta Waterfront air anois, láithreán forbartha uirbí a bhfuil dámhachtainí idirnáisiúnta éagsúla buaite aige. Tá céanna, siopaí, beáir, bialanna agus raon iontach gnólachtaí agus seirbhísí a dhíríonn ar an gcuairteoir, leithéidí bainc, oifig thurasóireachta, cógaslanna agus seirbhísí teileachumarsáide ar fáil ar fud promanáide 300 méadar. Caomhnaíodh an ailtireacht stairiúil bharócach mar chuid den obair athnuachana.

Stair cuir in eagar

Réamhstair cuir in eagar

Bunaíodh an chéad áitreabh daonna ar an oileán thart ar 5200 bliain roimh bhreith Chríost. Tá iarsmaí suntasacha de chultúr Neoiliteach (is é sin, cultúr a bhaineann leis an gcuid dheireanach den chlochaois) fágtha i Málta, níos sine ná Pirimidí na hÉigipte.

Na Féinícigh cuir in eagar

Thart ar mhíle bliain roimh bhreith Chríost, tháinig na Féinícigh go Málta leis an áit a choilíniú, agus bhí an t-oileán ar ceann de na bunáiteanna ba thábhachtaí a bhí acu dá gcuid long sa Mheánmhuir.

 
Ħaġar Qim - Suíomh Oidhreachta Domhanda.

Cartaig cuir in eagar

Ceithre chéad bliain roimh bhreith Chríost, thit Málta leis an gCartaig, ní nárbh ionadh, nuair a choinnítear cuimhne air gur coilíneacht eile de chuid na bhFéinícigh ab ea an Chartaig féin.

Na Rómhánaigh cuir in eagar

Sa bhliain 218 RC, shealbhaigh na Rómhánaigh an t-oileán, rud a chuaigh chun leasa dá mhuintir, nó bhí rath agus bláth ar Mhálta an chuid ba mhó den tréimhse Rómhánach, a bhuí leis an trádáil bheoga. I nGníomhartha na nAspal, insítear gur tháinig Naomh Pól i dtír i Málta in áit ar a dtugtar Bá Naomh Pól inniu, agus gur bhain nathair nimhe greim as. Is dócha gur tharla seo timpeall na bliana 60, agus, íorónta go leor, is é tuairim na saineolaithe inniu, agus taighde déanta acu ar na sruthanna farraige thart ar Oileán Mhálta, nár tháinig Pól i dtír i mBá Naomh Pól i dtuaisceart an oileáin, ach i mBá Naomh Tomáis in aice le Marsaskala i ndeisceart an oileáin.

Na Vandail cuir in eagar

Sa bhliain 440, ghabh na Vandail an t-oileán. Treibh Ghearmánach a bhí iontu agus iad tar éis socrú síos i dtuaisceart na hAfraice, timpeall na háite ina bhfuil an Túinéis inniu. Ruaig Belisarius, ginearál Biosántach, iad as an oileán arís sa bhliain 533. B'iad na Biosántaigh a rialaigh Málta go dtí an bhliain 870.

Na hArabaigh cuir in eagar

B'iad na hArabaigh, a tháinig ón tSicil, an chéad dream eile a shealbhaigh Málta. D'fhan siad ní ba mhó ná dhá chéad bliain i gceannas ar an oileán, agus d'fhág siad a sliocht ar shaol agus ar chultúr Mhálta. Thar aon rud eile, b'uathusan a fuair na Máltaigh an teanga a labhraíonn siad inniu. Nuair a chuir na Normannaigh ruaigeadh ar na hArabaigh, áfach, dhealaigh siad canúint Mhálta ón gcuid eile den Araibis, agus fágadh an teanga gan saothrú liteartha. Tháinig na mílte focal isteach ón tSicilis agus ní ba déanaí, ón Iodáilis chaighdeánach, agus b'iad an Laidin agus an Iodáilis na teangacha a bhí á n-úsáid le haghaidh litríochta. Ní bhfuair an Mháltais a ceart mar theanga liteartha ach san fhichiú haois.

 
athachtú, Fort Saint Elmo, Valletta, Málta, 8 Bealtaine 2005.

An Críostaíocht cuir in eagar

Sa bhliain 1091, d'fhéach Ruairí a hAon, Cúnta na Sicile, le Málta a sciobadh ó na hArabaigh. Níor éirigh leis, ach b'é a mhac, Ruairí a Dó, a chríochnaigh an obair sa bhliain 1127. B'ansin a tháinig deireadh le forlámhas an chultúir Arabaigh sna hoileáin, agus cuireadh an cultúr Eorpach ina áit. Mhair an tIoslam go dtí an 13ú haois. Chuaigh Málta ó theaghlach uasal amháin go teaghlach uasal eile, go dtí go bhfuair Ridirí Naomh Eoin é sa bhliain 1530.

Chun a loingeas a chur ó bhaol in áit nach mbeadh a naimhde Otamánacha in ann greim a fháil orthu, bhunaigh na Ridirí cathair nua dhaingnithe ar an leithinis a scarann dhá phríomhphort Mhálta, an Port Mór sa tuaisceart agus Marsamxett sa deisceart[2]. An toradh a bhí ar thógáil chathrach nua ón mbonn aníos ná cathair ghríobháin fhoirgneamh, chéanna, stóras, dhúnfort agus bhallaí, a dtéann mórchuid acu siar chuig an 16ú agus chuig an 17ú haois.

 
Iglesia de la Vera Cruz (Segovia)

An Spáinn cuir in eagar

B'í an Spáinn a bhí ag rialú an oileáin ón mbliain 1479 anuas, ach ó dhearc rí na Spáinne air féin mar chosantóir an Chaitliceachais, bhronn sé Málta ar Ord Ridirí Naomh Eoin mar bhunáit, nuair a ruaigeadh an tOrd as oirthear na Meánmhara, áit a raibh an Tuirc Otamánach ag ascnamh san am sin. Theastaigh ó Shéarlas a Cúig, Rí na Spáinne, sciath chosanta a chur idir an Róimh agus an t-ionsaí ón bhfarraige, agus b'iad na Ridirí i Málta an sciath sin.

An Ríocht Aontaithe cuir in eagar

Nuair a ghlac an Ríocht Aontaithe seilbh ar an oileán i 1800, rinneadh príomhionad céime straitéiseach den phort ar an mbealach go dtí an India, bealach a bhí go hiomlán bunaithe ar an muir tar éis chríochnú Chanáil Suais i 1869. Baineadh úsáid as an Port Mór níos mó mar phort míleata ná ceann tráchtála, a bhuíochas sin don áit lárnach ina raibh sé lonnaithe sa Mheánmhuir ar an mbealach muirí a nascann Iarthar na hEorpa leis an Meánoirthear.

 
Floriana - Triq Sarria - Independence Monument

Neamhspleáchas i 1964 cuir in eagar

Ag deireadh na tréimhse coilíní, i 1964, bhain Málta a neamhspleáchas amach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. IASCACH AGUS DOBHARSHAOTHRÚ SAN EORAIP, Uimhir 61 Bealtaine 2013, l. 10, An tAontas Eorpach
  2. IASCACH AGUS DOBHARSHAOTHRÚ SAN EORAIP, Uimhir 61 Bealtaine 2013, l. 10, An tAontas Eorpach