An Féinics
Réaltbhuíon dhoiléir dheisceartach is ea an Féinics, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.
Ainm Laidine (IAU) | Phoenix |
---|---|
Nod | Phe |
Ginideach Laidine | Phoenicis |
Siombalaíocht | an Féinics |
Dronairde | 0 h |
Diallas | −50° |
Achar | 469 céim cearnach Céim 37ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 1 |
Réalta is gile | α Phe (Ankaa) (méid 2.39) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +32° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain an infheictheacht is fearr |
I measc líon réaltaí na réaltbhuíne seo níl ach trí cinn déag níos gile ná an cúigiú méid.
Príomhghnéithe
cuir in eagar- ζ Phe: réalta dhúbailte; is réalta athraitheach de chineál Algol an phríomhréalta chomh maith (.i. déréalta uraitheach)
Réada suntasacha domhainspéire
cuir in eagarStair
cuir in eagarBa iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon an Fhéinics idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.
Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Féinics san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná Den Voghel Fenicx, ach d'aistrigh Plancius go Laidin é mar Phoenix.
Miotaseolaíocht
cuir in eagarRéaltaí
cuir in eagarFéach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an Féinics ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Féinics agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Féinics ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Féinics Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Féinics
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603 |
an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán |