An Chíle
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas
an Chíle | |
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil | |
Ainm Laidine | Carina |
Ginideach Laidine | Carinae |
Nod | Car |
Siombalaíocht | Cíle na Loinge |
Dronairde | 9 h |
Diallas | −60° |
Achar | 494 céim cearnach Rangú: 34ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
5 |
Réalta is gile | α Car (méid −0.72) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta | |
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Chíle; is cuid de seanréaltbhuíon na Loinge, nó Argo Navis, í, a bhí ar cheann de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Tá Canopus, an dara réalta is gile ar spéir na hoíche, le feiceáil ar an gCíle. Ina theannta sin faightear an réalta ollmhór Eta Carinae freisin ar an réaltbhuíon seo; tá an réalta seo leabaithe i Réaltnéal Eta Carinae (NGC 3372) atá infheicthe ag an tsúil fhornocht.
Tá an Chíle ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Carina, a chiallaíonn "cíle", an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.
PríomhghnéitheCuir in Eagar
- α Car: tá Canopus ar an dara réalta is gile ar spéir na hoíche; ar méid −0.72 atá sí. Is ollfhathach buíbhán í, ar aicme speictreach F0 Ia. Meastar go bhfuil sí 310 solasbhliain i bhfad ón ngrianchóras, agus 20,000 uair ar a laghad níos lonrúla ná an Ghrian.
- η Car: réalta athraitheach an-suimiúil is ea η Car atá suite i lár Réaltnéal Eta Carinae. Féach thíos le tuilleadh eolais.
- υ Car: déréalta is ea υ Car (RMK 11). Ar méid 3.02 atá an phríomhréalta, agus 6.00 an comhbhall. Tá siad ar deighilt 5" agus ar uillinn suímh 129° (sa bhliain 2000).
Réada suntasacha domhainspéireCuir in Eagar
- NGC 3372: Réaltnéal Eta Carinae
- IC 2602: réaltbhraisle oscailte dá ngairtear freisin Pléadach an Deiscirt. Is í θ Car an réalt is gile dá bhfuil infheicthe i lár na braisle seo.
StairCuir in Eagar
MiotaseolaíochtCuir in Eagar
RéaltaíCuir in Eagar
Féach fostaCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois |
an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta |
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis |
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú |