An Phéist

réaltbhuíon ar an meánchiorcal neamhaí

Ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha is ea an Phéist, agus ba cheann í freisin de na 48 réaltbhuíon a bhí ar chatalóg de chuid Tholamaes. I measc na réaltbhuíonta nua-aimseartha, is uathúil í mar réaltbhuíon ar mbeith roinnte ina dá chuid di, dá ngairtear Ceann na Péiste (nó Serpens Caput, ar an taobh thiar) agus Eireaball na Péiste (nó Serpens Cauda, ar an taobh thoir). Tá réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna suite idir an dá chuid seo.

An Phéist
an Phéist
an Phéist
Ainm Laidine (IAU)Serpens
NodSer
Ginideach LaidineSerpentis
Siombalaíochtan nathair
DronairdeCeann: 16 h
Eireaball: 18 h
DiallasCeann: 10°
Eireaball: −4°
Achar637 céim cearnach
Céim 23ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gileUnukalhai (α Ser)
(méid 2.65)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +80° agus −80°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr

Tugtar Serpens mar ainm Laidine ar réaltbhuíon na Péiste, rud a chiallaíonn "nathair". Bí cúramach gan an réaltbhuíon seo a thógáil in abhraíocht réaltbhuíon na Péiste Bige, dá ngairtear Hydrus as Laidin, ná in abhraíocht réaltbhuíon na Péiste Uisce, dá ngairtear Hydra as Laidin.

Príomhghnéithe cuir in eagar

Ós rud é go bhféachtar ar an bPéist mar réaltbhuíon amháin, d'ainneoin go bhfuil sí roinnte ina dá chuid, ní bhaineann ach aon sraith amháin d'ainmneacha Bayer leis an dá pháirt. Mar sin de, is í α Ser an réalt is gile ar Cheann na Péiste, agus is í η Ser an réalt is gile ar Eireaball na Péiste. Agus níl aon réaltaí ar an réaltbhuíon seo atá níos gile ná an tríú méid ach amháin an dá réalt siúd; mar sin de is deacair an réaltbhuíon seo a aimsiú ar spéir na hoíche. I measc na réaltaí atá ar an gCeann faightear α, β, γ, δ, ε, ι, κ, λ, μ, π, ρ, σ, τ, χ agus ω Ser. I measc na réaltaí is gile atá ar an Eireaball faightear ζ, η, θ, ν, ξ, agus ο Ser.

  • θ Ser: is réalta dhúbailte í freisin θ Ser, atá ar an Eireaball


Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar

  • M5: tá an réaltbhraisle chruinneogach seo amuigh is istigh ar 8° siar ó dheas d' α Ser ar an gCeann; tá sí ar na réaltbhraislí is áille ar spéir na hoíche
  • Bealach na Bó Finne: téann píosa de Bhealach na Bó Finne trí Eireaball na Péiste, mar a léiríonn na páirteanna scáthlínithe ar an léarscáil neamhaí.

Stair is miotaseolaíocht cuir in eagar

Is í an Phéist an nathair atá ar iompar ag Fear na bPéisteanna, an láimhseálaí nathrach. Ar dtús ní raibh ach réaltbhuíon amháin sa cheantar seo den spéir dá ngairtí SerpentariusOphiuchus (.i. Fear na bPéisteanna). Baineann an réaltbhuíon seo le miotas faoi bunús an leighis. Ach roimh an 17ú haois níor bhain aon mhiotaseolaíocht leis an bPéist seachas miotaseolaíocht Fhear na bPéisteanna.

Réaltaí cuir in eagar

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • Unukalhai [Unukalhay, Unuk al Hay, Unuk Elhaia, Unuk] nó Cor Serpentis (24/α Ser) 2.63
    < عنق الحية cunuq[u] al-ħayya[h] muineál na nathrach
    < cor serpentis croí na nathrach
  • Chow (28/β Ser) 3.65
    < 周 (Mandairínis zhōu) Ríshliocht Zhou
  • Alya [Alga] (63/θ1 Ser) 4.62
    < ? al-alyah ?an chaora gheir-eireaballach
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
41/γ Ser 3.85; 13/δ Ser 3.80; 37/ε Ser 3.71; 57/ζ Ser 4.62; 58/η Ser 3.23; 63/θ2 Ser 4.98; 21/ι Ser 4.51; 35/κ Ser 4.09; 27/λ Ser 4.42; 32/μ Ser 3.54; 53/ν Ser 4.32; 55/ξ Ser 3.54; 56/ο Ser 4.24; 44/π Ser 4.82; 38/ρ Ser 4.74; 50/σ Ser 4.82; 9/τ1 Ser 5.16; 12/τ2 Ser 6.22; 15/τ3 Ser 6.10; 17/τ4 Ser 6.51; 18/τ5 Ser 5.93; 19/τ6 Ser 6.00; 22/τ7 Ser 5.80; 26/τ8 Ser 6.15; 31/υ Ser 5.71; φ Ser 5.54; 23/ψ Ser 5.86; 20/χ Ser 5.34; 34/ω Ser 5.21; 36/b Ser 5.09; 60/c Ser 5.38; 59/d Ser – dúbailte 5.2, 5.20; e Ser 5.76; 11/A1 Ser 5.50; 25/A2 Ser 5.39; 1/M Ser 5.51
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteedorthu:
2 Ser 5.71; 3 Ser 5.32; 4 Ser 5.62; 5 Ser 5.04; 6 Ser 5.35; 7 Ser 6.29; 8 Ser 6.11; 10 Ser 5.15; 14 Ser 6.51; 16 Ser 5.26; 30 Ser 5.53; 39 Ser 6.07; 40 Ser 6.28; 43 Ser 6.07; 45 Ser 5.63; 46 Ser 6.74; 47 Ser 5.69; 49 Ser 6.68; 61 Ser 5.93; 62 Ser 5.58; 64 Ser 5.56
Réaltaí suntasacha eile:

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir