An Tarbh
Is ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca é an Tarbh (♉). Taurus, a chiallaíonn tarbh, an t-ainm Laidine a thugtar air. Is réaltbhuíon mhór é an Tarbh, a shuíonn go feiceálach ar spéir an gheimridh idir an Reithe, atá ar an taobh thiar de, agus an Cúpla, atá ar an taobh thoir de; tá Peirséas agus an tAra suite ar an taobh thuaidh de; tá an Bodach ar an taobh thiar theas de; agus tá an Abhainn is an Míol Mór ar an taobh thoir theas de.
Ainm Laidine (IAU) | Taurus |
---|---|
Nod | Tau |
Ginideach Laidine | Tauri |
Siombalaíocht | an Tarbh |
Dronairde | 4 h |
Diallas | 15° |
Achar | 797 céim cearnach Céim 17ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Aldebaran (α Tau) (méid 0.9) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe
cuir in eagarTá adharca an Tairbh ag síneadh siar, léirithe ag Elnath (β Tau, atá páirteach de réir seanchais idir an Tarbh agus an Ara) agus ζ Tau.
Réada suntasacha domhainspéire
cuir in eagar- M45: in oirthear na réaltbhuíne suíonn ceann de na réaltbhraislí oscailte is cáiliúla, an Phléadach, atá an-infheicthe ag an tsúil fhornocht.
- Hyades: taobh thall d'Aldebaran suíonn na Hyades, an réaltbhraisle oscailte is gaire dúinn a bhfuil cruth braisle uirthi (murab ionann is Réaltbhraisle Ghluaisteach Ursa Major atá chomh gar sin nach bhfuil cruth braisle uirthi). Déanann Aldebaran agus na Hyades V mór ar an spéir a léiríonn ceann an tairbh.
- M1: is réada eile é Réaltnéal an Phórtáin (M1), atá infheicthe trí theileascóp; iarsma ollnóva ar an taobh thoir thuaidh de ζ Tau atá ann. Bhí an pléascadh seo chomh geal sin gurbh fhéidir é a fheiceáil i lár an lae ghil. Aimsíodh ar 4 Iúil sa bhliain 1054 é ag lucht réalteolaíochta na Síne agus an Domhain Ioslamaigh, agus ag na hIndiach-Mheiriceánaigh (a bhreac síos ar a bpotaireacht é).
Réaltaí
cuir in eagar- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- Aldebaran nó Cor Tauri nó Parilicium (87/α Tau) - 0.87
- < الدبران ad-dabarān an té atá sna sála [ag an bPléadach]
- < cor tauri croí an tairbh
- Aldebaran nó Cor Tauri nó Parilicium (87/α Tau) - 0.87
- El Nath [Alnath, Nath] (112/β Tau) 1.65
- < النطح an-naţħ (an adharc) ag tabhairt sonc
- El Nath [Alnath, Nath] (112/β Tau) 1.65
- Tien Kwan nó Alheka (123/ζ Tau) 2.97
- < 天關 tiānguān an mám neamhaí
- < :*: < ? al-haq'ah ?an spota bán
- Tien Kwan nó Alheka (123/ζ Tau) 2.97
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- 35/λ Tau 3.41; 49/μ Tau 4.27; 38/ν Tau 3.91; 2/ξ Tau 3.73; 1/ο Tau 3.61; 73/π Tau 4.69; 94/τ Tau 4.27; 59/χ Tau 5.38; 52/φ Tau 4.97; 42/ψ Tau 5.21; 50/ω Tau 4.93; 88/d Tau 4.25; 30/e Tau 5.08; 5/f Tau 4.14; 97/i Tau 5.08; 98/k Tau 5.79; 106/l Tau 5.28; 104/m Tau 4.91; 109/n Tau 4.96; 114/o Tau 4.88; 44/p Tau 5.39; 66/r Tau 5.10; 4/s Tau 5.14; 6/t Tau 5.76; 29/u Tau 5.34; 37/A1 Tau 4.36; 39/A2 Tau 5.90
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
- 7 Tau 5.95; 9 Tau 6.72; 10 Tau 4.29; 11 Tau 6.11; 12 Tau 5.55; 13 Tau 5.68; 14 Tau 6.13; 18 Tau 5.66; 24 Tau 6.3 ; 26 Tau 6.47; 31 Tau 5.66; 32 Tau 5.62; 33 Tau 6.05; 36 Tau 5.46; 40 Tau 5.32; 41 Tau 5.18; 43 Tau 5.51; 45 Tau 5.71; 46 Tau 5.29; 47 Tau 4.84; 48 Tau 6.31; 51 Tau 5.64; 53 Tau 5.50; 55 Tau 6.85; 56 Tau 5.34; 58 Tau 5.26; 60 Tau 5.72; 62 Tau 6.34; 63 Tau 5.64; 64 Tau 4.80; 67 Tau 5.27; 68 Tau 4.30; 70 Tau 6.44; 71 Tau 4.48; 72 Tau 5.53; 75 Tau 4.96; 76 Tau 5.90; 80 Tau 5.58; 81 Tau 5.47; 83 Tau 5.40; 84 Tau 6.28; 85 Tau 6.01; 89 Tau 5.78; 93 Tau 5.45; 95 Tau 6.18; 96 Tau 6.09; 99 Tau 5.79; 101 Tau 6.75; 103 Tau 5.50; 105 Tau 5.84; 108 Tau 6.26; 110 Tau 6.09; 111 Tau 5.00; 113 Tau 6.23; 115 Tau 5.40; 116 Tau 5.52; 117 Tau 5.77; 118 Tau 5.47; 119 Tau 4.32; 120 Tau 5.67; 121 Tau 5.37; 122 Tau 5.53; 125 Tau 5.18; 126 Tau 4.84; 129 Tau 6.00; 130 Tau 5.47; 131 Tau 5.72; 132 Tau 4.88; 133 Tau 5.28; 134 Tau 4.89; 135 Tau 5.54; 136 Tau 4.56; 137 Tau 5.60; 139 Tau 4.81; 141 Tau 6.36
- Réaltaí suntasacha eile:
- HD 37124 7.68 – tá dhá phláinéad aici
- T Tau 9.60 – réalta athraitheach, fréamhshamhail réaltaí athraitheacha T Tauri
- RV Tau 9.60 – réalta athraitheach, fréamhshamhail réaltaí athraitheacha RV Tauri
- Pulsár an Phortáin – pulsár i Réaltnéal an Phortáin
- Réaltaí ar réaltbhraisle na Hyades:
- Ain nó Oculus Borealus (74/ε Tau) 3.53
- < عين cain súil
- < oculus boreālus an tsúil thuaidh
- Ain nó Oculus Borealus (74/ε Tau) 3.53
- Réaltaí ar réaltbhraisle na Pléadaí:
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- Alcyone (25/η Tau) – dúbailte 2.85, 8.3 < Αλκυώνη
- Celaeno [Celeno] (16 Tau) 5.45 < Κελαινό
- Electra (17 Tau) 3.72 < Ηλέκτρα
- Taygeta [Taÿgete] (19/q Tau) 4.30 < Ταΰγετη
- Maia (20 Tau) 3.87 < Μαία
- Asterope < Αστεροπή
- Sterope I (21 Tau) 5.64
- Sterope II (22 Tau) 6.43
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
Miotaseolaíocht
cuir in eagarDe réir mhiotaseolaíocht na Gréige, is ionann an réaltbhuíon seo agus an riocht-tairbh a ndeaca Séas ann chun Europa banphrionsa Fhéiníceach a fhuadach; agus mar sin de ba é Taurus athair an Mhíonótáir. Mar sin, ós rud é gur gá ceantar na spéire dá ngairtear an Mhuir a thrasnú chun an Tarbh a shroicheadh ar dhul tríd an stoidiaca, bíonn baint éigin ag an réaltbhuíon seo le bunús mhiotas an Tairbh Chréataigh, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
De réir mhiotaseolaíocht na Measpatáime, áfach, tugadh MUL.GUD.AN.NA [gu4.an.na] ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn Tarbh na bhFlaitheas nó Tarbh Anu. Ionannaíodh an réaltbhuíon leis an tarbh a raibh Gilgamesh ag troid leis.
Astralaíocht
cuir in eagarNí hionann comhartha astralaíoch an Tairbh a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Aibreán 20 - Bealtaine 20) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Bealtaine 14 - Meitheamh 19).
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Tarbh le dúil chlasaiceach an Cré, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na cré é (mar aon leis an Maighdean agus an nGabhar). Is ceann é freisin de na ceithre chomhartha dhaingne (i dteannta na Scairpe, an Leoin, agus an Uisceadóra). Is é an Scairp is frithchomhartha polach leis. Is é an Tarbh áitreabh Véineas agus ardú na Gealaí.
Dár ndóigh, is é an tarbh a mbaintear úsáid as mar shiombail an Tairbh.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Tarbh an muineál agus na guaillí.
Féach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an Tarbh ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2005-03-20 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- an Tarbh agus Miotaseolaíocht an Domhain[nasc briste go buan]
- an Tarbh ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Tarbh Curtha i gcartlann 2005-09-04 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Tarbh
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |