An Altóir
Is réaltbhuíon dhoiléir ó dheas í an Altóir idir réaltbhuíon an Cheinteáir agus ceann an Fhaolchú. As Laidin tugtar Ara uirthi, sin le rá altóir.
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Ara |
---|---|
Nod | Ara |
Ginideach Laidine | Arae |
Siombalaíocht | an Altóir |
Dronairde | 17.39 h |
Diallas | −53.58° |
Achar | 237 céim cearnach Céim 63ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 1 |
Réalta is gile | β Ara (méid 2.9) |
Dreigecheathanna | Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +25° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe cuir in eagar
- β Ara: tá an réalta seo – an réalt is gile de chuid na hAltóra – ar méid dhealraitheach 2.9.
- γ Ara: is réalta dhúbailte í seo, atá díreach ó dheas de β.
- μ Ara: ceaptar go bhfuil trí phláinéad ar a laghad ag fithisiú an réalta seo, agus ceann acu de nádúr carraigeach de réir cosúlachta.
Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar
- NGC 6397: téann Bealach na Bó Finne thar taobh thiar thuaidh na hAltóra, áit a bhfuil go leor réaltbhraislí oscailte is réaltnéalta idirleata inti. Tá NGC 6397 ar an gceann is gile i measc na réaltbhraislí cruinneogacha san Altóir; tá an bhraisle seo 8,200 solasbhliain i bhfad ón ngrianchóras s'againne agus b'fhéidir go bhfuil sí ar an gceann is giorra i measc braislí de shaghas sin.
- NGC 6193: réaltbhraisle oscailte
Stair cuir in eagar
Dealaíodh an réaltbhuíon seo ón gCeinteár agus ón bhFaolchú trí idirchur réaltbhuíon na Rialach, a chum an tAb Nicolas Louis de Lacaille sa bhliain 1790.
Miotaseolaíocht cuir in eagar
Ionannaíodh an Altóir, léirithe bunoscionn de ghnáth ach uaireanta ina seasamh agus an deatach ag éalú isteach i mBealach na Bó Finne, le haltóir an cheinteáir Chiron; Ara Centauri an seanainm Laidine a bhí uirthi san am fadó. Ó am go chéile thugtaí altóir Dhiníosais uirthi. Ós rud é, áfach, nár aithníodh agus nár tionscnaíodh an réaltbhuíon go dtí an t-ochtú aois déag, is dócha nach raibh aon ghaol idir réigiún seo na spéartha agus creidimh na Sean-Ghréagaigh, ach amháin an gaol a d'fhionn cumadóir na réaltbhuíne.
Réaltaí cuir in eagar
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- α Ara 2.95: Choo nó Tchou
- < 杵 (Mandairínis chǔ) = an Tuairgnín
- α Ara 2.95: Choo nó Tchou
- δ Ara 3.62: Tseen Yin
- < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- δ Ara 3.62: Tseen Yin
- ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
- < 左更 (Mandairínis zuŏgēng) = an Fhaire ar an Taobh Clé (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
- ζ Ara 3.12: Tseen Yin
- < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- Nod leat go dtugtar an t-ainm chéanna ar δ Arae
- ζ Ara 3.12: Tseen Yin
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- Réaltaí suntasacha eile:
- R Arae 6.00-7.00 – déréalta uraitheach agus déréalta infheicthe
Féach fosta cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Yale Bright Star Catalog
- an Altóir ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-26 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Altóir agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-05-09 ar an Wayback Machine
- an Altóir ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Altóir Curtha i gcartlann 2006-04-22 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Altóir
Tagairtí cuir in eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois |
an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta |
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis |
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú |