Triantán an Deiscirt

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas

Réaltbhuíon bheag dheisceartach is ea Triantán an Deiscirt a gcomhdhéanann an trí réalta is gile dá chuid triantán comhshleasach, ionann is. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Ba é an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer a thug isteach sa léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603. Seans ann, áfach, gurbh é an mairnéalach Gearmánach Pieter Theodor a chruthaigh é céad bliain roimh Keyser agus de Houtman.

Triantán an Deiscirt
Triantán an Deiscirt
Triantán an Deiscirt
Ainm Laidine (IAU)Triangulum Australe
NodTrA
Ginideach LaidineTrianguli Australis
Siombalaíochtan Triantán Deisceartach
Dronairde16 h
Diallas−65°
Achar110 céim cearnach
Céim 83ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
3
Réalta is gileα TrA (Atria)
(méid 1.91)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +25° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr

Tugtar Triangulum Australe mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "an triantán dheisceartach".

Príomhghnéithe

cuir in eagar

Réada suntasacha domhainspéire

cuir in eagar


Ba iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon Thriantán an Deiscirt idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.

Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.

Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.

Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus Triantán an Deiscirt san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná Den Zuyder Trianghel. D'aistrigh Plancius an t-ainm seo go Laidin mar Triangulum Australe, ach ni hionann an triantán deisceartach a tharraing Plancius ar a chruinneog neamhaí sa bhliain 1598 agus an réaltbhuíon a dtugtar an t-ainm sin uirthi sa lá atá inniu ann. Bhí triantán de chuid Plancius laisteas den Long, Argo Navis. Is ionann, áfach, Triangulum Australe ar Uranometria de chuid Johann Bayer agus an réaltbhuíon nua-aimseartha.

Miotaseolaíocht

cuir in eagar

Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í Triantán an Deiscirt, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.

Féach fosta

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603

an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir