An Túcán
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Túcán a bhfuil píosa de Scamall Beag Magellan le feiceáil ann. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Ba é an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer a thug isteach sa léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603. Tugtar Tucana mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "túcán".
An Túcán | |
---|---|
Ainmniú | Tucana |
Cineál | réaltbhuíon |
Fionnachtaí | Petrus Plancius |
Dáta fionnachtana | 1597 |
Eapainm | túcán |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Achar dromchla | 295 °²[1] |
Cuid de | Southern Celestial Hemisphere (en) |
Príomhghnéithe
cuir in eagar
Réada suntasacha domhainspéire
cuir in eagar- Scamall Beag Magellan: réaltra
- 47 Tuc: réaltbhraisle chruinneogach dá ngairtear freisin NGC 104
- NGC 362: réaltbhraisle chruinneogach atá níos bige is níos doiléire ná 47 Tuc
Stair
cuir in eagarBa iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon an Túcáin idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.
Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Túcán san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná Den Indiaenschen Exster, op Indies Lang Ghenaemt, a chiallaíonn an Snag Breac Indiach, dá ngairtear Lang sna hIndiacha. Fada is brí leis an bhfocal Ollainnise lang; is dócha gurbh é an gob adhairce a bhí i gceist ag Keyser agus de Houtman, ós rud é go bhfuil gob an-fhada ag an éan sin agus is sna hIndiacha a fhaightear é, ach mar Toucan, éan Meiriceánach, a tharraing Plancius ar a chruinneog neamhaí é. Ba é an tAb Nicolas de Lacaille a d'aistrigh an t-ainm go Laidin mar Tucana.
Miotaseolaíocht
cuir in eagarÓs rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an Túcán, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.
Réaltaí
cuir in eagarFéach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an Túcán ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-11-18 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Túcán agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Túcán ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Túcán Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
- ↑ URL tagartha: http://www.ianridpath.com/constellations1.htm.
An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603 |
an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán |