Folt Bheirnicé

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh

Is astaireacht traidisiúnta é Folt Bheirnicé a ndearnadh réaltbhuíon ó shin de. Is Coma Berenices an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn Folt Bheirnicé. Tá sé suite in aice leis an Leon, agus mheastaí ar dtús gurbh é ruball an Leoin a bhí ann.

Folt Bheirnicé
Folt Bheirnicé
Folt Bheirnicé
Ainm Laidine (IAU)Coma Berenices
NodCom
Ginideach LaidineComae Berenices
SiombalaíochtFolt Bheirnicé
Dronairde12.76 h
Diallas+21.83°
Achar386 céim cearnach
Céim 42ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileβ Com
(méid 4.26)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr

Príomhghnéithe

cuir in eagar
  • β Com: níl an réaltbhuíon seo go sonrach soiléir, gan aon réaltaí aici níos gile ná an ceathrú méid. Is í β Comae Berenices an réalt is gile sa réaltbhuíon, ar méid 4.26. Go hintreach, níl sí ach beagán níos gile ná an Ghrian s'againne, rud a léiríonn dúinn cé chomh doiléir agus a bheadh an Ghrian mura mbeadh sí suite ach 27 solasbhliain i bhfad uainn.
  • Diadem (α Comae Berenices): Diadem is ainm don dara réalt is gile, ar méid 4.32. Is í an t-aon réalt amháin sa réaltbhuíon a bhfuil ainm coitianta uirthi; léiríonn sí an seoid i gcoróin Bheirnicé. Is déréalta í, le dhá chomhbhall atá beagnach ar chóiméid.
  • γ Com: is í seo, ar méid 4.36, an t-aon réalt amháin eile atá ar an gceathrú méid.

Réada suntasacha domhainspéire

cuir in eagar

Cé gur beag an réaltbhuíon é Folt Bheirnicé, faightear ocht réad Messier istigh ann. Is iomaí réaltraí atá ann, ó tharla go gcuimsíonn sé an chuid ó thuaidh de bhraisle na Maighdine. Tá go leor réaltbhraislí cruinneogacha le feiceáil ann freisin. Is féidir na réada seo a fheiceáil gan mórán modarthachta de bharr deannigh, ós rud é nach bhfuil an réaltbhuíon suite i dtreo phlána an Réaltra. Dá bhrí sin, áfach, níl ach cúpla réaltbhraisle oscailte (ach amháin braisle Bheirnicé, a chuireann go mór leis an gcuid ó thuaidh den réaltbhuíon), réaltnéal idirleata agus réaltnéal pláinéadach istigh ann.

  • Braisle Bheirnicé: níl Braisle Bheirnicé ar chatalóg Messier ná ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, ach áirítear go coitianta í mar Melotte 111 (nó Mel 111) ar chatalóg na réaltbhraislí oscailte de chuid Melotte. Is braisle mhór idirleath oscailte í de réaltaí ón gcúigiú go dtí an deichiú méid, cuid mhaith acu i measc réaltaí na réaltbhuíne atá infheicthe ag an tsúil. Líonann an bhraisle réigiún ollmhór den spéir, níos mó ná cúig chéim ar leithead, in aice le γ Comae Berenices. Tá trastomhas dealraitheach na braisle chomh mór sin toisc go bhfuil an bhraisle seo i ngar dúinn i gcomórtas le rudaí eile; níl sí ach 270 solasbhliain i bhfad uainn nó mar sin.
  • M64: Réaltra na Súile Duibhe

Stair agus miotaseolaíocht

cuir in eagar

Aithnítear Folt Bheirnicé mar astaireacht aonair ó am na Sean-Ghréagach. Rinne Eratosthenes tagairt dó san am céanna mar "Fholt Airianna" agus "Fholt Bheirnicé". Agus rinne Tolamaes tagairt dó mar "an dual" (gruaige); ach níor áirigh sé é, áfach, i measc na 48 réaltbhuíon aige; ba chirte a rá gur fhéach sé ar mar pháirt an Leoin. Ar feadh i bhfad, d'ionannaítí Folt Bheirnicé go coitianta leis an mbobailín gruaige ag bun ruball an Leoin, nó uaireanta le píosa de réaltbhuíon na Maighdine.

I rith an séú aois déag, léiríodh dhá réaltbhuíon nua, Folt Bheirnicé ina measc, ar chúpla léarscáil neamhaí a rinneadh san aois sin. Is é Tycho Brahe an fear a gcuirtear ina leith de ghnáth gur cheap sé an réaltbhuíon seo; d'áirigh sé mar réaltbhuíon aonair é ar a réaltchatalóg sa bhliain 1602; bhí Folt Bheirnicé freisin ar Uranometria de chuid Johann Bayer, a tháinig amach sa bhliain 1603.

 
Banríon Bheirnicé II na hÉigipte

Cé gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an réaltbhuíon seo, baineann sí le seanscéal taitneamhach. Tá sí ar cheann den bheagán réaltbhuíonta (i dteannta na Scéithe) atá ainmnithe as pearsa staire, is é sin le rá Banríon Bheirnicé II na hÉigipte, bean chéile Tholamaes III Euergetes (fl. 246 RC - 221 RC), an rí a ndearnadh ionad tábhachtach cultúir de Chathair Alastair faoina riar.

Timpeall 243 RC, thug an rí faoi shluaíocht bhaolach in éadan na Síreach, tar éis dóibh a deirfiúr a dhúnmharú. Gheall Bheirnicé don bhandia Afradaíté go n-íobródh sí a chuid ghruaige fada cáiliúla, a raibh an-bhród uirthi as, dá dtiocfadh a fear céile slán abhaile. Tháinig, agus baineadh gruaig na banríona agus fágadh i dteampall an bandé í.

An mhaidin dár gcionn, áfach, ní raibh an ghruaig le feiceáil; tháinig straidhn feirge ar an rí agus an mbanríon, a cheap gurbh iad sagairt an teampaill a ghoid an ghruaig. Chun suaimhneas a chur iontu (agus chun beatha na sagart a shlánú), d'fhógair réalteolaí na cúirte, Conon, gur thaitin an ofráil leis an mbandia chomh mór sin gur chuir sí ar an spéir í; agus thaispeáin sé braisle réaltaí a ionannaíodh um a dtaca sin le ruball an Leoin. As sin amach, gairtear Folt Bheirnicé de na réaltaí úd.

Réaltraí i bhFolt Bheirnicé

cuir in eagar

Féach fosta

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria

an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir