Seasann na litreacha NGC do Nua-Chatalóg Ghinearálta na Réaltnéalta is na Réaltbhraislí. Tá timpeall ar ocht míle réad réalteolaíoch cláraithe sa Chatalóg seo, agus í ar ceann de na catalóga réalteolaíocha is cuimsithí atá ann. Tá gach sórt réadanna domhainspéire ann, cé go sílfeá ar a hainm nach mbeadh ach néalta agus réaltraí le fáil ina leithéid de chatalóg. Molann Foclóir Réalteolaíochta an Ghúim ainm na catalóige a ghiorrú mar "NCG" (Nua-Chatalóg Ghinearálta), in áit NGC, atá bunaithe ar an mBéarla (New General Catalogue), ach is ar éigean atá sé praiticiúil a leithéid d'úsáid a thabhairt isteach, ó tharla go bhfuil an leagan "NGC" coitianta sna teangacha eile ar fud an domhain.

Níl an "nua-chatalóg" chomh nua sin a thuilleadh, nó b'é John Dreyer (1852-1926), an réalteolaí Danmhargach a shocraigh síos in Éirinn, a chuir in eagar í agus a d'eisigh an chéad eagrán di sa bhliain 1888. Ina dhiaidh sin, is iomaí ceartúchán a rinneadh uirthi.