An Madra Beag
an Madra Beag | |
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil | |
Ainm Laidine | Canis Minor |
Ginideach Laidine | Canis Minoris |
Nod | CMi |
Siombalaíocht | an Madra Beag |
Dronairde | 8 h |
Diallas | +5° |
Achar | 182 céim cearnach Rangú: 71ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
2 |
Réalta is gile | Procyon (α CMi) (méid 0.38) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +85° agus −75° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta | |
Tá an Madra Beag ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa 2ú aois. Is é Canis Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, rud a chiallaíonn "an madra is lú". Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Mhóir, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist.
Is réaltbhuíon bheag é an Madra Beag, gan faic le feiceáil inti den chuid is mó ach dhá réalta: Procyon (α CMi) agus Gomeisa (β CMi).
PríomhghnéitheCuir in Eagar
- α CMi: Procyon atá ar méid 0.38. Tá Procyon ar an t-ochtú réalt is gile ar spéir na hoíche. "Roimh an madra" a chiallaíonn an t-ainm Procyon as Gréigis, ó éiríonn sé roimh Réalt an Mhadra, Sirius, i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir.
Réada suntasacha domhainspéireCuir in Eagar
Tá réaltbhuíon an Mhadra Bhig chomh beag sin nach bhfuil aon réad domhainspéire istigh ann níos gile ná an deichiú méid.
MiotaseolaíochtCuir in Eagar
D'aithnítí an Madra Beag mar an ceann is lú de dhá mhadra fiaigh Oiríon. Ach níor áirigh na Sean-Ghréagaigh mar réaltbhuíon difriúil ina cheart féin é, agus mar sin de ceapadh ar dtús nach raibh ach madra amháin ag Oiríon. Féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh agus an Mhadra Mhóir.
RéaltaíCuir in Eagar
Féach fostaCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |