Tolamaes

matamaiticeoir, réalteolaí, agus geografaí Gréagach

Matamaiticeoir, réalteolaí, astralaí, geografaí agus teoiricí ceoil [1] ab ea Tolamaes (Gréigis:Πτολεμαῖος, Ptolemaios; Laidin:Claudius Ptolemaeus) a scríobh tuairim is dosaen tráchtais eolaíochta, trí cinn acu a bhí tábhachtach don eolaíocht Bhiosántach, Ioslamach, agus d'Iarthar na hEorpa. Is é an chéad cheann an tráchtas réalteolaíoch ar a dtugtar an Almagest anois, cé gur tugadh an Mathēmatikē Syntaxis air ar dtús (nó i nGaeilge: an Tráchtas Matamaiticiúil), agus tugadh An Tráchtas Mór air níos déanaí. Is é an dara ceann ná an Tíreolaíocht (Gréigis: Γεωγραφικὴ Ὑφήγησις, Geōgraphikḕ Hyphḗgēsis, nó sa bhrí litriúil; "Treoir Tíreolaíochta"), a bhfuil plé críochnúil ar léarscáileanna agus eolas geografach ar an domhan Gréag-Rómhánach. Is é an tríú ceann ná an tráchtas astralaíoch ina rinne sé iarracht an t-astralaíoch tuismeách a oiriúnú d'fhealsúnacht nádúrtha Arastataileach a linne. Tugtar an Apotelesmatika air seo uaireanta (sa bhrí litriúil: "Ar na hÉifeachtaí"). ach tugtar na Tetrábiblos air go coitianta, ón nGréigis Choiteann, a chiallaíonn "na Ceithre Leabhar", nó Quadripartiteh san Laidin.

Infotaula de personaTolamaes
PSM V78 D326 Ptolemy.png
Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(el) Κλαύδιος Πτολεμαῖος
Beathaisnéis
Breithc. 100
Ptolemais Hermiou (Impireacht na Róimhe)
Básc. 170
69/70 bliana d'aois
Cathair Alastair (Impireacht na Róimhe)
Áit chónaitheCathair Alastair
Gníomhaíocht
Réimse oibreRéalteolaíocht, Astralaíocht, matamaitic, meicnic, optaic, tíreolaíocht, teoiricí ceoil agus music theory (en) Aistrigh
Gairmmatamaiticeoir, fealsamh, ceoleolaí, nathaí, teoiricí ceoil, réalteolaí, astralaí, tíreolaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
FostóirLeabharlann Chathair Alastair
Cathair Alastair Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Saothar
Saothar suntasach

Rinne sé obair freisin ar Optaic, solasairíonna, ina measc, frithchaithimh, athraonadh agus dathanna. Rinne sé hipitéis pláinéadach, Planisphaerium agus Analemma chomh maith.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Richter, Lukas (2001). "Ptolemy". Grove Music Online. Oxford: Oxford University Press. doi:10.1093/gmo/9781561592630.article.22510. ISBN 978-1-56159-263-0. Retrieved 25 September 2021. Teimpléad:Grove Music subscription