An Clog
an Clog | |
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil | |
Ainm Laidine | Horologium |
Ginideach Laidine | Horologii |
Nod | Hor |
Siombalaíocht | Clog urláir |
Dronairde | 3 h |
Diallas | −60° |
Achar | 249 céim cearnach Rangú: 58ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Horologii (méid 3.85) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig | |
Tá an Clog ar cheann de na réaltbhuíonta is doiléire atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. Is é Horologium, a chiallaíonn "clog", an t-ainm Laidine a thugtar air.
PríomhghnéitheCuir in Eagar
Réada suntasacha domhainspéireCuir in Eagar
- AM 1: réaltbhraisle chruinneogach; ceaptar gur réaltbhraisle idir-réaltrach í seo
StairCuir in Eagar
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Chloig. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Clog ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
Ar dtús thug Lacaille an t-ainm Fraincise l'Horloge ar an réaltbhuíon seo, ainm a d'aistrigh se go dtí an Laidin mar Horologium Oscillitorium ar Coelum Australe Stelliferum, le honóir do Christiaan Huygens, an t-eolaí Ollannach a d'fhionn an clog luascadáin. Idir sin is tráthas giorraíodh an t-ainm ag an Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta chun é a dhéanamh níos lú foclach.
MiotaseolaíochtCuir in Eagar
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Chloig go dtí an 18ú aois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
RéaltaíCuir in Eagar
Féach fostaCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |