An Capall Beag
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh
Tá an Capall Beag ar an dara réaltbhuíon is lú i measc na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha; níl ach an Chros amháin níos lú. D'ainneoin a mhéide bige agus d'ainneoin nach bhfuil aon réaltaí geala ar a chuid (níl réalta ar bith ann níos gile ná an ceathrú méid), bhí an Capall Beag ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Equuleus an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn "searrach".
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Equuleus |
---|---|
Nod | Equ |
Ginideach Laidine | Equulei |
Siombalaíocht | an searrach |
Dronairde | 21 h |
Diallas | 10° |
Achar | 72 céim cearnach Céim 87ú |
Réalta is gile | α Equ (Kitalpha) (méid 3.92) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −80° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe cuir in eagar
Tá an Capall Beag ar an dara réaltbhuíon is lú, agus é 72 céim cearnach ar achar (is í an Chros amháin atá níos lú). Is amhlaidh gur an-doiléir don réaltbhuíon seo.
- α Equ: an réalta is gile, dá ngairtear freisin Kitalpha; ar méid 3.92 agus ar aicme speictreach F8.
- γ Equ: réalta athraitheach den saghas réalta Alpha Canum Venaticorum (ACVO); ar méid 4.58 go 4.77; ar tréimhse 12.499 nóiméad. Is ilréalta chomh maith í γ Equ, le ceithre chomhbhall. Tá an AB péire (KNT 5) ar méid 4.70v agus 8.69; ar deighilt 1.5"; agus ar uillinn suímh 264° (sa bhliain 1994. Tá C (BU 71) ar méid 12.60, ar deighilt 57.3", agus ar uillinn suímh 360° (2002). Tá D (STFA 54) ar méid 6.06, ar deighilt 337.7", agus ar uillin suímh 152° (2001).
- ε Equ: ilréalta le ceithre chomhbhall (STF 2737). Is déréalta an AB péire, ar méid 5.96 is 6.31, ar deighilt 0.6", ar uillinn suímh 284° (2005). Tá AB-C ar méid 5.30 is 7.05; ar deighilt 10.9", agus ar uillinn suímh 67° (2005). Tá AD ar méid 5.30 is 12.40, ar deighilt 78.6", agus ar uillinn suímh 286° (2005). Níl in C agus D ach comhbhaill optúla
- δ Equ: déréalta shuntasach. Tá an AB péire (STT 535) ar méid 5.19 is 5.52, ar deighilt 0.3", agus ar uillinn suímh 29° (2005); 5.7 bliain an tréimhse fithise. Tá réalta eile le feiceáil freisin, ach is comhbhall optúil í; tá AB-C (STF 2777) ar méid 4.54 is 10.17, ar deighilt 72.5", agus ar uillinn suímh 6° (2005)
- R Equ: réalta Mira Ceti (M); ar amharcmhéid 8.70 go 15.00; tréimhse 260.76 lá
Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar
Stair cuir in eagar
Miotaseolaíocht cuir in eagar
Réaltaí cuir in eagar
Féach fosta cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Yale Bright Star Catalog
- an Capall Beag ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Capall Beag agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-05-09 ar an Wayback Machine
- an Capall Beag ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Capall Beag Curtha i gcartlann 2006-04-22 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Capall Beag
Tagairtí cuir in eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |