An Péintéir

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas

an Péintéir ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. An tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh sna blianta 1751-52 é. Tá an réaltbhuíon bheag dhoiléir seo suite idir an réalta an-soiléir darb ainm Canopus agus Scamall Mór Magellan.

An Péintéir
an Péintéir
an Péintéir
Ainm Laidine (IAU)Pictor
NodPic
Ginideach LaidinePictoris
Siombalaíochtan Tacas
Dronairde6 h
Diallas−53°
Achar247 céim cearnach
Céim 59ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Pic
(méid 3.27)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +26° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir an infheictheacht is fearr

Tugtar Pictor mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "péinteir".

Príomhghnéithe

cuir in eagar


Réada suntasacha domhainspéire

cuir in eagar

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Phéintéara. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Péintéir ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

Le Chevalet et la Palette ("an Tacas agus an Pailéad") an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. Equuleus Pictorius ("Tacas an Phéintéara") an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763. Sa bhliain 1801, ar an léarscáil neamhaí Uranographa de chuid an réalteolaí Ghearmánaigh Johann Bode, tugadh Pluteum Pictoris ("Ceardlann an Phéintéara") mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo. Pictor an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

I measc na n-ainmneacha éagsúla eile a tugadh ar an réaltbhuíon seo ó thráth go chéile, is féidir na cinn seo a leanas a thabhairt faoi deara:

  • Pluteum agus Brustwehr – ar an Allgemeiner Handatlas de chuid Richard Andree sa bhliain 1881. Brustwehr an focal Gearmáinise ar "uchtbharr". Is féidir an focal Laidine pluteum a thuiscint sa chaoi sin, ach is léir gur "ceardlann" a bhí i gceist nuair a thug Bode an t-ainm seo ar réaltbhuíon an Phéintéara.
  • Atélier du Peintre – Dallet sa bhliain 1890
  • Pittore – Celoria sa bhliain 1900
  • Cavallo – Maffi sa bhliain 1928

Miotaseolaíocht

cuir in eagar

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Phéintéara go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Féach fosta

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir