An Fhoirnéis

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas

Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Fhoirnéis, a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751-52. Fornax Chemica a thug sé uirthi mar ainm Laidine – rud a chiallaíonn "foirnéis cheimiceach" – ach giorraíodh an t-ainm seo idir sin is tráthas. Fornax an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

An Fhoirnéis
an Fhoirnéis
an Fhoirnéis
Ainm Laidine (IAU)Fornax
NodFor
Ginideach LaidineFornacis
SiombalaíochtFoirnéis
Dronairde3 h
Diallas−30°
Achar398 céim cearnach
Céim 41ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα For
(méid 3.87)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr


Príomhghnéithe cuir in eagar


Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar


Stair cuir in eagar

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon na Foirnéise. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Fhoirnéis ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

Le Fourneau an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús, rud a chiallaíonn an Fhoirnéis. Fornax Chimiae an t-ainm Laidine a thugtar uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, rud a chiallaíonn Foirnéis an Cheimiceora. Sa bhliain 1763 d'aistrigh Johann Bode an t-ainm go Apparatus Chemica, nó an Gléas Ceimiceach. Sa lá atá inniu ann tugtar Fornax ar an réaltbhuíon seo.

Miotaseolaíocht cuir in eagar

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon na Foirnéise go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí cuir in eagar

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir