An Ceinteár
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas
an Ceinteár | |
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil | |
Ainm Laidine | Centaurus |
Ginideach Laidine | Centauri |
Nod | Cen |
Siombalaíocht | an Ceinteár |
Dronairde | 13 h |
Diallas | −50° |
Achar | 1060 céim cearnach Rangú: 9ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
10 |
Réalta is gile | α Cen (méid −0.01) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +30° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine | |
Is réaltbhuíon gheal é an Ceintéar atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann de na réaltbhuíonta is mó ar spéir na hoíche. Is ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha é, agus tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Tugtar Centaurus mar ainm Laidine ar an gCeinteár.
PríomhghnéitheCuir in Eagar
- α Cen: tríréalta cháiliúil, agus an córas réaltach is gaire don Ghrianchóras. Tá an AB péire ar aicme speictreach G2V agus K1V – cosúil leis an nGrian ó thaobh maise de – agus ar méid 0.14 agus 1.24 faoi seach. Tá α Cen A ar an ceathrú réalta is gile ar spéir na hoíche, agus tá α Cen B ar an aonú ceann is fiche. Proxima Centauri a thugtar ar an tríú comhbhall; is abhac dearg í seo, ar aicme speictreach M5V, agus ar méid 11.10. Tá Proxima ar an réalta is gaire don Ghrian, agus is é sin is cúis leis a hainm, rud a chiallaíonn "is gaire" as Laidin.
- β Cen: réalta eile den chéad mhéid de chuid an Cheinteáir, dá ngairtear freisin Hadar nó Agena. Tá an réalta seo ar an deichiú réalt is gile ar spéir na hoíche: ar méid 0.60 agus ar aicme speictreach B1III. Is tríréalta í fosta. Comdhéanann an Aa péire déréalta speictreascópach (RBT 1), ar méid 1.29 is 1.44, agus ar uillinn suímh 125° (sa bhliain 2002). Is réalta dhúbailte é an Aa-B péire (VOU 31), ar méid 0.58 is 3.95, ar deighilt 0.9" agus ar uillinn suímh 234° (1991).
- BPM 37093: meastar gur réalta dhíchineálach í seo (.i. abhac bán), atá cuimsithe de charbón criostaltha.
Réada suntasacha domhainspéireCuir in Eagar
- NGC 3918: réaltnéal pláinéadach dá ngairtear An Réaltnéal Pláinéadach Gorm
StairCuir in Eagar
MiotaseolaíochtCuir in Eagar
RéaltaíCuir in Eagar
Féach fostaCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |