Caiseoipé (réaltbhuíon)
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh
Caiseoipé | |
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil | |
Ainm Laidine | Cassiopeia |
Ginideach Laidine | Cassiopeiae |
Nod | Cas |
Siombalaíocht | an Bhanríon ina suí |
Dronairde | 1 h |
Diallas | +80° |
Achar | 598 céim cearnach Rangú: 25ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
4 |
Réalta is gile | α Cas (Schedar) (méid 2.23) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −20° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain | |
Tá Caiseoipé ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sí ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Is é Cassiopeia an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.
PríomhghnéitheCuir in Eagar
- γ Cas: réalta athraitheach chorr agus fréamhshamhail na réaltaí Gamma Cassiopeiae (.i. B-réaltaí atá ag rothlú go mear agus ag cailleadh maise óna gcreasa meánchriosacha); méid 1.3 – 3.0. Is réalta dhúbailte optúil chomh maith í γ Cas (BU 1038): méid 2.20 agus 10.90; deighilt 2.3"; uillinn suímh 252° (sa bhliain 1961). Tá comhbhall eile le feiceáil freisin (BU 499): méid 12.90; deighilt 53.2"; uillinn suímh 346° (sa bhliain 1999).
- η Cas: ilréalta le hocht chomhbhall (STF 60); tá an AB-péire ar cheann de na déréaltaí is cáiliúla sa spéir; William Herschel a d'aimsigh sa bhliain 1779 í; méid 3.52 agus 7.36; deighilt 12.9"; uillinn suímh 319° (2005). Is comhbhaill optúla iad na sé chomhbhall eile agus iad ar méid 8.41 go 11.75.
- ι Cas: ar cheann de na tríréaltaí is áille sa spéir (STF 262); tá na trí chomhbhall ar méid 4.63, 6.92 agus 8.40; deighilt 2.9" agus 7.6"; uillinn suímh 230° agus 115° (2004); is réalta athraitheach an phríomhréalta den saghas Réalta Alpha Canum Venaticorum, agus is déréalta speictreascópach í chomh maith.
- ρ Cas: hipearfhathach buíbhán atá níos mó ná 500 000 uair chomh lonrúil leis an nGrian; athraíonn sí ón gceathrú go dtí an séú méid gach 10 nó 11 mí.
- R Cas: réalta Mira Ceti (saghas M) agus tríréalta optúil (ES 37). Tá an phríomhréalta ar méid 4.70 go 13.50; tréimhse 430.46 lá. Tá na comhbhaill B agus C ar méid 14.50 agus 11.00; deighilt 18.1" agus 30.3"; uillinn suímh 269° agus 321° (sna blianta 1962 agus 1991 faoi seach).
- RZ Cas: réalta athraitheach uraitheach den saghas EA/SD (.i. cosúil le hAlgol ach leathscoite); ar méid 6.18 go 7.72; tréimhse 1.195247 lá. Tá an tréimhse ag dul chun síneadh le tamall anuas!
- AO Cas: réalta athraitheach cháiliúil, agus ar cheann de na córais réaltacha is mórmhaise dá bhfuil ann; den saghas ELL/KE (.i. réalta athraitheach rothlaithe éileapsóideach agus déréalta theagmhála atá ann); méid 6.07 go 6.24; tréimhse 3.523487 lá.
Réada suntasacha domhainspéireCuir in Eagar
- M52: réaltbhraisle oscailte atá infheicthe le déshúiligh.
- M103: réaltbhraisle oscailte bheag is fhadaithe atá sárfheicthe le teileascóp beag seachas déshúiligh.
StairCuir in Eagar
MiotaseolaíochtCuir in Eagar
RéaltaíCuir in Eagar
Féach fostaCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |