An Phéacóg
an Phéacóg | |
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil | |
Ainm Laidine | Pavo |
Ginideach Laidine | Pavonis |
Nod | Pav |
Siombalaíocht | Péacóg |
Dronairde | 20 h |
Diallas | −65° |
Achar | 378 céim cearnach Rangú: 44ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
1 |
Réalta is gile | α Pav (Peacock, Joo Tseo) (méid 1.94) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +30° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa | |
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Phéacóg, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeanaigh Petrus Plancius, agus a thug isteach an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603.
Tugtar Pavo mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "péacóg". I measc lucht na hAstráile tugtar an Sáspan ar astaireacht atá le feiceáil sa cheantar seo den spéir (féach fosta an Caimileon) agus a bhfuil scothchosúlacht sáspain uirthi.
PríomhghnéitheCuir in Eagar
Réada suntasacha domhainspéireCuir in Eagar
- NGC 6752: réaltbhraisle chruinneogach, ar cheann de na braislí cruinneogacha is mó agus is gile
StairCuir in Eagar
Ba iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon na Péacóige idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chairtghrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an learscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réalthbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.
Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Phéacóg san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná De Pauww, ach d'aistrigh Plancius go Laidin é mar Pavo. Ceaptar gurbh í péacóg ghlas Iávanach a bhí i gceist ag Keyser agus de Houtman seachas an phéacóg Indiach.
MiotaseolaíochtCuir in Eagar
Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an Phéacóg, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.
RéaltaíCuir in Eagar
Féach fostaCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603 |
an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán |