An tOchtamhán
Réaltbhuíon neamhfheiceálach is ea an tOchtamhán a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751-52. Cé gur an-doiléir do na réaltaí atá le feiceáil ar an Ochtamhán, siúlann cáil is clú leis an réaltbhuíon seo mar go bhfuil an Pol Neamhaí Theas suite ina lár. Is í Sigma Octantis an réalta is gaire don phol atá infheicthe ag an tsúil; ach tá an réalta seo chomh doiléir sin nach fiú í mar réalta pholach ó thaobh loingseoireachta de. Go hámharach, is féidir úsáid a bhaint as an gCros chun an pol a aimsiú.
Ainm Laidine (IAU) | Octans |
---|---|
Nod | Oct |
Ginideach Laidine | Octantis |
Siombalaíocht | Ochtamhán |
Dronairde | 22 h |
Diallas | −90° |
Achar | 291 céim cearnach Céim 50ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | ν Oct (méid 3.73) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +0° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Deireadh Fómhair an infheictheacht is fearr | |
Timpholach |
Tugtar Octans mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "ochtamhán".
Príomhghnéithe
cuir in eagar- σ Oct: an Réalta Theas, sin le rá, an réalta is gaire don Phol Neamhaí Theas dá bhfuil infheicthe ag an tsúil fhornocht.
Réada suntasacha domhainspéire
cuir in eagarStair
cuir in eagarBa é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Ochtamháin. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tOchtamhán ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
L’Octans de Reflexion an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. An t-ochtamhán frithchaiteach a bhí i gceist – sin le rá, an uirlis loingseoireachta a chum an matamaiticeoir Sasanach John Hadley sa bhliain 1730. Octans an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, agus is é sin an t-ainm a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.
Nuair a chruthaigh Lacaille an réaltbhuíon seo, ghabh sé trí réalta ó réaltbhuíon na Péiste Bige de chuid Keyser agus de Houtman – Nu Octantis agus Beta Octantis ina measc.
Miotaseolaíocht
cuir in eagarÓs rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Ochtamháin go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltaí
cuir in eagarFéach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an tOchtamhán ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an tOchtamhán agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an tOchtamhán ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tOchtamhán Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an tOchtamhán
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |