An Ísiltír
| |||||
Mana: Je maintiendrai (Fraincis) Ik zal handhaven (Ísiltíris) Ik sil behâlde (Freaslainnis) Coinneoidh mé | |||||
Amhrán náisiúnta: Wilhelmus van Nassouwe | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Amstardam, an rialtas atá suite ar An Háig 52°21′ Thuaidh 04°52′ Thoir | ||||
An chathair is mó | Amstardam | ||||
Teangacha oifigiúla | Ísiltíris, Freaslainnis, Paipeamaintis1 | ||||
Rialtas | Monarcacht daonlathach bunreachtúil Willem-Alexander Mark Rutte | ||||
Neamhspleáchas - Fógradh - Aitheanta |
ón Spáinn 23 Bealtaine 1568 30 Eanáir 1648 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
41,526 km² (131ú) 18.41% | ||||
Daonra • Meas. ó 2008 • Daonáireamh [[ ]] • Dlús |
16,440,113 (61ú) n/a 396/km² (25ú) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2007 $647.966 billiún (20ú) $38,994 (10ú) | ||||
Airgeadra | Euro2(€) (EUR )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET (UTC+1) CEST (UTC+2) | ||||
Fearann Idirlín | .nl | ||||
Glaochód | +31
| ||||
1 Labhraítear An Liombuirgis agus ísil-ghearmáinis mar dhara theanga oifigiúil réigiúnach |
Is tír í an Ísiltír (Ísiltíris: Nederland, Freaslainnis: Nederlân, An Phaipeamaintis: Hulanda), go hoifigiúil Ríocht na hÍsiltíre (Ísiltíris: Koninkrijk der Nederlanden), atá suite in iarthuaisceart mhórthír na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg agus leis an nGearmáin. Is monarcacht bhunreachtúil í. Is é Rí Willem-Alexander na hÍsiltíre an Ceann Stáit. Tá an rialtas suite sa Háig ach tá Amstardam ina phríomhchathair chomh maith. Tá cónaí ar 16,318,199 duine san Ísiltír (meastachán as Iúil 2004). Tá an Ísiltír deighilte ina 12 cúige. Úsáidtear an euro. Is iad Ollainnis agus Freaslainnis na teangacha oifigiúla. Is é “Wilhelmus van Nassouwen” amhrán náisiúnta (bhí sé scríofa chun clú a chur ar Liam Oráiste). Is ball den Aontas Eorpach í.
Clár ábhair
CúigíCuir in Eagar
Tá 12 cúige san Ísiltír:
|
EacnamaíochtCuir in Eagar
Úsáidtear an euro mar airgeadra san Ísiltír. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hÍsiltíre an 27ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 18ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 15ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ísiltír, é ar $53,582 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ísiltír an 10ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an ceathrú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ísiltír an 6ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.5%, an comh-cúigiú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]
GailearaíCuir in Eagar
Margadh cáise in Gouda, an Ollainn Theas
Ardeaglais Limburg, Cúige Limburg
Aardzee ('Muir Talún'), saothar ealaíne le Piet Slegers, in Flevoland
De Ketelbrug ('Droichead na Ketel') in Flevoland
Bredevoort, Gelderland
Oileán Texel, an Ollainn Thuaidh
Rotterdam, san Ollainn Theas, i rith taispeántais soilse sa bhliain 2007 i gcuimhne bhuamáil na cathrach sa Dara Cogadh Domhanda
Bloic árasán sa Háig, an Ollainn Theas
An Hortus Botanicus in Amstardam, an Ollainn Thuaidh
Oileán Terschelling, an Fhreaslainn
Oileán Vrieland, an Fhreaslainn
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Bevolking per regio naar leeftijd, geslacht en burgerlijke staat" (Ollainnis). Statistics Netherlands (2007).
- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • an Mhacadóin Thuaidh • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |