Is é Għawdex (Béarla agus Iodáilis: Gozo) an dara hoileán is mó in oileánra Mhálta. Ceantar tuaithe agus curadóireachta atá ann, an chuid is mó, nó tá talamh méith ann, agus seansaol mhuintir Mhálta beo ansin i gcónaí. Tá Għawdex 67 km² ar achar, agus sa bhliain 2005, bhí 31,053 duine ina gcónaí ansin, duine as an gcúigear acu i Rabat (Béarla: Victoria), príomhchathair an oileáin.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachGħawdex
(mt) Għawdex Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMálta
Oileáin Mhálta Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilOileáin Mhálta Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnAn Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinGozo Region (Ghawdex), Málta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 36°02′42″N 14°15′32″E / 36.045°N 14.2589°E / 36.045; 14.2589
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige195 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí7.25 (leithead) × 14 (fad) km
Imlíne14 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTa' Dbieġi Cuir in eagar ar Wikidata  (177 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar67 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmgoz.gov.mt Cuir in eagar ar Wikidata

Ar nós oileán Mhálta féin, tá cuid mhaith iarsmaí ón gClochaois le feiceáil san oileán, ar nós na struchtúir mheigiliteacha in Ġgantija.