David Norris
Is polaiteoir, feachtasóir agus fear léinn é David Norris (Gaeilge: Daithí Norris uaireanta) (1 Iúil, 1944 a rugadh é) atá mar sheanadóir i Seanad Éireann.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Iúil 1944 80 bliana d'aois Kinshasa |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016 Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
24 Iúil 2007 – 25 Aibreán 2011 Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
12 Meán Fómhair 2002 – 22 Iúil 2007 Téarma parlaiminte: 22ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
17 Meán Fómhair 1997 – 26 Meitheamh 2002 Téarma parlaiminte: 21ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
17 Feabhra 1993 – 10 Iúil 1997 Téarma parlaiminte: 20ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
1 Deireadh Fómhair 1989 – 17 Nollaig 1992 Téarma parlaiminte: 19ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
25 Aibreán 1987 – 5 Iúil 1989 Téarma parlaiminte: 18ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais na hÉireann |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath An Ardscoil, Baile Átha Cliath Coláiste Naomh Aindriú |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, múinteoir ollscoile |
Ball de pháirtí polaitíochta | luach ar iarraidh |
Suíomh gréasáin | senatordavidnorris.ie |
Rugadh i Leopoldville, Congó na Beilge é. Nuair a bhí sé óg, fuair a athair bás agus tháinig sé go Éirinn. Is ball d'Eaglais na hÉireann é agus is fear aerach é.
Saol polaitiúil
cuir in eagarChaith David Norris na blianta ag troid ar son na cearta daonna, go háirithe cearta na homaighnéasach in Éirinn nuair a bhí an homaighnéasachas mídhleathach.[1]
Tharla an chéad agóid LADT+ i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meitheamh 1974.[2] Chuaigh deichniúr -Norris san áireamh - ar mhórshiúl ón Roinn Dlí agus Cirt go dtí Ambasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh in aghaidh choiriúlú na homaighnéasachta (iarsma ó na dlíthe coilíneachta).
In 1977 níor éirigh le Norris an tArd-Aighne a thabhairt chun na hArd-Chúirte maidir le coir a dhéanamh ar ghníomhartha homaighnéasacha agus rinne sé a chás a achomharc chuig Cúirt Uachtarach na hÉireann.
Bhí sé mar aidhm ag Norris agus an t-abhcóide agus seanadóir Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre ag breathnú go háirithe ar an bpríobháideachas ó na 1980í i leith.[3] Ach theip ar a gcás cúirte sa bhliain 1983 in aghaidh an stáit. De réir mar a mhínigh an Príomh-Bhreitheamh Tom O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[4].
Ar an 26 Deireadh Fómhair 1988, sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg, sa chás NORRIS v. IRELAND, thug an chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[5]
Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.[6]
Toghchán uachtaránachta na hÉireann 2011
cuir in eagarChuir sé isteach ar ainmniúchán d' Uachtarántacht na hÉireann sa bhliain 2011 ach cáineadh a thuairimí ar ghnéas agus aois an toilithe.[7] Tuairiscíodh i mí Iúil 2011 gur scríobh David Norris litir ar pháipéar an tSeanaid sa bhliain 1997 chun trócaire a lorg dá chara, Ezra Nawi, a bhí os comhair na cúirte cúisithe as luí le buachaill faoi bhun aois an toilithe.[8] Ina dhiaidh seo d'éirigh Norris as an rás tar éis do chuid dá fhoireann toghchánaíochta éirí as a rólanna. Tháinig sé isteach sa rás arís áfach sular fógraíodh deireadh a bheith le hainmniúcháin, tar éis gur éirigh leis tacaíocht cheithre chomhairle chontae a fháil.
Cumann Seoirseach na hÉireann
cuir in eagarIs gníomhaí ar son foirgneamh Seoirseacha é Norris agus ball de Chumann Seoirseach na hÉireann, agus tá cónaí air ar Shráid Sheoirse Mhór Thuaidh i mBaile Átha Cliath.[9]
Oideachas agus Gairmréim Acadúil
cuir in eagarD'fhreastail Norris ar St. Andrew's College agus The High School. Uaidh sin lean sé ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide áit a raibh sé mar eagarthóir ar an iris liteartha ollscoile Icarus agus ar bhain sé scoláireacht bhunaidh amach ina chéim B.A. i Litríocht agus Teanga an Bhéarla. Léachtóir agus teagascóir ba ea é sa Choláiste ó 1968 go 1996. Scoláire de chuid James Joyce atá ann agus glacann sé páirt i gceiliúradh Bloomsday. Tá Eabhrais agus beagán Gaeilge aige.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "Tugann an Seanadóir David Norris cuairt ar an gCartlann Náisiúnta chun taifid a bhaineann lena chás suntasach, David Norris V Éire, a fheiceáil ar taispeáint mar chuid de Sheachtain an Bhróid" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ Irish Independent - 31 Bealtaine 31 2011
- ↑ Litir a scríobh David Norris i 1997
- ↑ "Profile: David Norris". The Sunday Times. 28 Feabhra 2010. Faighte ar an 25 Deireadh Fómhair 2010. 2011