Tom O'Higgins
Breitheamh agus polaiteoir Éireannach ab ea Tom O'Higgins (23 Iúil 1916 – 25 Feabhra 2003). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Iúil 1916 Corcaigh, Éire |
Bás | 25 Feabhra 2003 86 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Sheangánaí |
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Eorpach | |
3 Deireadh Fómhair 1985 – 8 Márta 1991 | |
6 Príomh-Bhreitheamh na hÉireann | |
17 Deireadh Fómhair 1974 – 1 Deireadh Fómhair 1985 ← William FitzGerald – Thomas Finlay → | |
An Chúirt Uachtarach | |
14 Bealtaine 1974 – 1 Deireadh Fómhair 1985 | |
High Court Judge (en) | |
30 Iúil 1973 – 14 Bealtaine 1974 | |
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 22 Eanáir 1973 – 14 Bealtaine 1973 | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 15 Bealtaine 1972 – 22 Eanáir 1973 | |
Teachta Dála | |
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Contae Átha Cliath Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1969 | |
Teachta Dála | |
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 18ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1965 | |
Teachta Dála | |
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 17ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1961 | |
Teachta Dála | |
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 16ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1957 | |
An tAire Sláinte | |
2 Meitheamh 1954 – 20 Márta 1957 ← James Ryan – Seán Mac an tSaoi → | |
Teachta Dála | |
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 15ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1954 | |
Teachta Dála | |
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 14ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1951 | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 7 Lúnasa 1950 – 1 Feabhra 1951 | |
Teachta Dála | |
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 13ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1948 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | abhcóide, polaiteoir, breitheamh |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Thomas F. O'Higgins |
Saol
cuir in eagarFuair O'Higgins a chuid oideachais ag Coláiste Mhuire, Ráth Maonais, ag Coláiste Coill Chluana Gabhann, ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é i 1938 agus chun Bharra na Sinsear i 1954.[1]
Bhí a mhuintir gníomhach i bpolaitíocht na hÉireann, agus ó 1948 go 1973, bhí sé in TD d'Fhine Gael i dtoghcheantar na Laoise-Uibh Fháilí.
Ó 1954 go 1957, bhí O'Higgins ina Aire Sláinte sa dara comhrialtas agus bhunaigh sé an córas Árachais Sláinte Saorálaigh (ASS).
Bhí O'Higgins ina iarrthóir ar Uachtarán na hÉireann sna toghcháin uachtaránachta i 1966 agus arís sa bhliain 1973.[1]
I 1973 ceapadh O'Higgins ina Bhreitheamh Ard-Chúirte. I 1974 ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh agus bhí an oifig sin aige go dtí 1985.
I 1985 ceapadh é ina Bhreitheamh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (ECJ). I 1996 d'fhoilsigh sé a chuimhní cinn, dar teideal A Double Life.
Fuair sé bás i 2003.
Cásanna
cuir in eagarI measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí:
- seasamh le bunreachtúlacht an Bhille Cumachtaí Práinne, 1976 tar éis don Uachtarán (Cearbhall Ó Dálaigh) an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí;
- An Stát (Lynch) v. Cooney (1982), nuair a seasadh le cosc reachtúil ar chraoltaí ag aon duine a bheadh ag lorg tacaíochta do Shinn Féin san olltoghchán a bhí le teacht; agus
- Norris v. an Ard-Aighne (1983), nuair a seasadh le bunreachtúlacht reacht phíonóisigh a chuir cosc ar iompar homaighnéasach idir fir thoilteanacha go príobháideach.[1] De réir mar a mhínigh O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.