Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Institiúid dlíthiúil na Aontais Eorpach í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, lonnaithe i Lucsamburg.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | GHdEU, CJEU agus CJUE | ||||
Cineál | cúirt idirnáisiúnta institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh | ||||
Teanga oifigiúil | teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1952 | ||||
Suíomh a chartlainne | |||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Koen Lenaerts (2015–) | ||||
Codanna | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | curia.europa.eu | ||||
Tá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[1]
- An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach[2] agus
- An Chúirt Ghinearálta
Sa Chúirt Bhreithiúna tá breitheamh amháin ó gach Ballstát agus 11 abhcóide ghinearálta. Sa Chúirt Ghinearálta tá 49 breitheamh ann (sa bhliain 2021).
Léirmhíníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dlí an Aontais chun deimhin a dhéanamh de go gcuirtear i bhfeidhm é ar an tslí chéanna i ngach Ballstát, agus réitíonn sí díospóidí dlíthiúla idir rialtais náisiúnta agus institiúidí an Aontais.[3]
I gcásanna áirithe is féidir le daoine aonair, gnólachtaí nó eagraíochtaí cásanna a chur faoina bráid chun gníomh a dhéanamh in aghaidh institiúid de chuid an Aontais, má cheapann siad go bhfuil a gcearta sáraithe.[4]
Cad a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
cuir in eagarTugann an Chúirt rialuithe uaithi ar na cásanna a thagann os a comhair. Is iad seo a leanas na cineálacha cásanna is coitianta:
- an dlí a léirmhíniú (réamhrialuithe) – tá sé de cheanglas ar chúirteanna náisiúnta na mBallstát deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart, ach d'fhéadfadh léirmhíniú éagsúil a bheith ann idir na cúirteanna i dtíortha éagsúla. Má bhíonn cúirt náisiúnta in amhras mar gheall ar léirmhíniú nó bailíocht dhlí an Aontais, féadfaidh sí soiléiriú a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais. Is féidir úsáid a bhaint as an bpróiseas céanna chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil dlí nó cleachtas náisiúnta ag teacht le dlí an Aontais nó nach bhfuil.
- forfheidhmiú an dlí (imeachtaí um shárú) – tógtar an cineál seo cáis i gcoinne rialtas náisiúnta má theipeann air dlí an Aontais a chomhlíonadh Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach nó Ballstát ar leith an cás a thionscnamh. Má chinntear gur sháraigh an tír an dlí, ní mór di cúrsaí a chur ina gceart láithreach bonn, nó d'fhéadfaí an dara cás a thabhairt ina coinne ina bhféadfaí fíneáil a ghearradh uirthi.
- gníomhartha dlíthiúla de chuid an Aontais a neamhniú (caingne le haghaidh neamhniú) – má mheastar go sáraíonn gníomh de chuid an Aontais conarthaí nó cearta bunúsacha an Aontais, is féidir le rialtas Ballstáit, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach nó (i gcásanna áirithe) Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCúirt an gníomh sin a neamhniú. Chomh maith leis sin, féadfaidh daoine aonair a iarraidh ar an gCúirt gníomh de chuid an Aontais a bhfuil tionchar díreach orthu a neamhniú.
- deimhin a dhéanamh de go ndéanann an tAontas gníomh (caingne a bhaineann le neamhghníomh) – ní mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún cinntí áirithe a ghlacadh i gcásanna áirithe. Mura ndéanann siad amhlaidh, féadfaidh rialtais na mBallstát, institiúidí eile de chuid an Aontais nó (faoi réir coinníollacha áirithe) daoine aonair nó gnólachtaí gearán a thabhairt os comhair na Cúirte.
- smachtbhannaí a chur ar institiúidí de chuid an Aontais (caingne le haghaidh damáistí) – is féidir le haon duine a ndearnadh dochar dá leasa mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh a dhéanann an tAontas Eorpach nó foireann an Aontais caingean a thabhairt ina n-aghaidh os comhair na Cúirte.
Comhdhéanamh
cuir in eagarTá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
- An Chúirt Bhreithiúnais– pléann sí le hiarrataí ar réamhrialuithe ó na cúirteanna náisiúnta, le caingne áirithe le haghaidh neamhniú agus le hachomhairc.
- An Chúirt Ghinearálta – tugann sí breithiúnas i gcaingne le haghaidh neamhniú a thógann daoine aonair, comhlachtaí agus, i roinnt cásanna, rialtais na mBallstát. Go bunúsach, ciallaíonn sin gur le dlí na hiomaíochta, státchabhair, trádáil, talmhaíocht agus trádmharcanna is mó a bhíonn an chúirt seo ag plé.
Ceapann na rialtais náisiúnta i gcomhpháirtíocht gach breitheamh agus gach abhcóide ginearálta le haghaidh téarma in-athnuaite sé bliana. Sa dá Chúirt, roghnaíonn na breithiúna Uachtarán le haghaidh téarma in-athnuaite trí bliana.
An próiseas
cuir in eagarSa Chúirt Bhreithiúnais, sanntar breitheamh amháin (an "breitheamh-rapóirtéir") agus abhcóide ginearálta amháin do gach cás. Bíonn dhá chéim i gceist le próiseáil na gcásanna:
- An chéim scríofa
- Tugann na páirtithe ráitis scríofa don Chúirt – agus is féidir le húdaráis náisiúnta, institiúidí de chuid an Aontais agus, uaireanta, daoine aonair, barúlacha a chur isteach chomh maith.
- Déanann an breitheamh-rapóirtéir achoimre ar an ábhar seo go léir agus pléitear é ag cruinniú ginearálta na Cúirte, ag a ndéantar cinneadh maidir leis an méid seo a leanas:
- Líon na mbreithiúna a bheidh ag déileáil leis an gcás: 3, 5 nó 15 bhreitheamh (an Chúirt ina hiomláine), ag brath ar chastacht agus tábhacht an cháis. Cúigear breithiúna a bhíonn ag déileáil le formhór na gcásanna, agus is go fíor-neamhchoitianta a éisteann an Chúirt ina hiomláine cás.
- Cibé an gá nó nach gá éisteacht (céim ó bhéal) a bheith ann agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil gá le tuairim oifigiúil ón Abhcóide Ginearálta.
- Céim ó bhéal – éisteacht phoiblí
- Is féidir le dlíodóirí ón dá thaobh a gcás a chur faoi bhráid na mbreithiúna agus an Abhcóide Ghinearálta, agus féadfaidh siadsan na dlíodóirí a cheistiú.
- Má mheasann an Chúirt go bhfuil gá le Tuairim ón Abhcóide Ginearálta, tabharfar é sin roinnt seachtainí tar éis na héisteachta.
- Déanann na breithiúna machnamh agus tugann siad a mbreithiúnas.
- Tá an nós imeachta sa Chúirt Ginearálta an-chosúil, ach amháin go dtagann formhór na gcásanna os comhair triúr breithiúna agus nach ann d'aon Abhcóidí Ginearálta.
An Ghaeilge
cuir in eagarAr an 17 Márta 2021, tugadh breithiúnas sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Cuireadh an cás faoi bhráid na cúirte chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.[5]
Cé go bhféadfadh go mbeidh éifeacht bheag phraiticiúil ag an cás seo, léirigh sé prionsabal tábachtach maidir leis an oibleagáid a bhíonn ar an Stát Treoir a chur i bhfeidhm, go mór mór má tá cearta teanga i gceist.[6]
Tá rannóg aistriúcháin Gaeilge ag an gCúirt ina n-oibríonn dlítheangeolaithe. Is í an Fhraincis príomhtheanga na cúirte.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ""Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ ""an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2016-06-16). "Cén chaoi a n-oibríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?" (ga). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ "Cosaint sonraí pearsanta | Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ tuairisc.ie (2021-03-17). "Breithiúnas tugtha sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an AE" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Breithiúnas tugtha sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an AE". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "CURIA - Presentation - Court of Justice of the European Union". curia.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-03-18.