Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023

Is éard atá i gceist le Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023[1] ná dlí na Ríochta Aontaithe chun stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.[2] Faoin Acht Oidhreachta, ceadaítear díolúintí coinníollacha ó ionchúiseamh a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coir le linn na dTrioblóidí.

Bosca Sonraí DoiciméadAcht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023
CineálPublic General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata
D’eascair an reacht as geallúint Boris Johnson

Cuirtear cosc sa reachtaíocht chomh maith ar fhiosrúcháin agus ar chaingne sibhialta a thabhairt i leith coireanna a rinneadh le linn na dTrioblóidí.

D’eascair an reacht as geallúint Boris Johnson do lucht feachtais thar ceann iarshaighdiúirí go mbeidís saor ó chúisimh agus theip ar a chomharba, Rishi Sunak, a dhul i ngleic leis an éagóir sin.[2]

Conspóid cuir in eagar

Tharraing an tAcht conspóid. Mhaígh Rialtas na Breataine gur chloígh an t-acht le cearta an duine. Ina theannta sin, dhiúltaigh rialtas na Breataine an tAcht a mhaolú nó a chealú d’ainneoin páirtithe uile Thuaisceart Éireann, rialtas na hÉireann, íobartaigh agus iliomad eagraíochtaí cearta daonna a bheith ina choinne.[2]

Tugadh dúshlán na reachtaíochta sna cúirteanna ar chúiseanna éagsúla, an díolúine ó ionchúiseamh go háirithe. Mhaígh an dream a bhí ina choinne gur sháraigh sé Alt 2 agus Alt 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Chinn Rialtas na hÉireann in 2023 dúshlán an Achta a thabhairt sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Ar an 28 Feabhra 2024, rialaigh an Ard-Chúirt go sáraíonn cuid den Acht Oidhreachta an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[3][4][5] Dúirt an Breitheamh Colton san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go mbeadh sé “mídhleathach” ag Rialtas na Breataine díolúintí ó ionchúiseamh a thabhairt do dhaoine maidir le coireanna a rinneadh le linn na dtrioblóidí. Chinn an Breitheamh chomh maith go raibh sé lochtach ó thaobh an dlí cosc a chur ar chúiteamh a íoc le fir as an éagóir a rinneadh orthu nuair a cúisíodh iad as éalú ó bheith faoi choimeád go dleathach sna 1970idí. Dúirt sé nach raibh “fianaise ar bith” ann go gcuirfeadh bronnadh díolúintí ó ionchúiseamh leis an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Northern Ireland Troubles (Legacy and Reconciliation) Act 2023, nó "Northern Ireland Troubles Act" nó "Legacy Act"
  2. 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2024). "Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
  3. "Reachtaíocht Rialtas na Breataine faoi eachtraí na dTrioblóidí ‘mídhleathach’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-28.
  4. reuters.com (23 Feabhra 2024). "UK's Northern Ireland amnesty law in breach of human rights, court rules". Dáta rochtana: 2024.
  5. "NI Troubles: Legacy Act immunity clause 'breaches' human rights" (en-GB) (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-29.