Ar 27 Feabhra 2023, rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe agus an tAontas Eorpach margadh nua Breatimeachta ; baisteadh Creat Windsor[1] ar an gcomhaontú Chas Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le Rishi Sunak, príomhaire na R-A, i Caisleán Windsor ar an lá sin, agus tháinig siad ar réiteach.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaCreat Windsor
Sonraí
Cineálconradh
comhaontú Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid deIdirbheartaíocht Bhreatimeacht
Brexit and the Irish border (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An Creat[2]

Breatimeacht cuir in eagar

Chas Ursula von der Leyen le Rishi Sunak i Caisleán Windsor ar 27 Feabhra 2023.
Ursula von der Leyen agus Rishi Sunak

Tiocfaidh an margadh nua in áit Phrótacal an Tuaiscirt, má thagann agus cuirfidh clabhsúr leis an idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.[3] Comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach is ea Creat Windsor, a dréachtaíodh le déileáil leis an gconstaic is mó a bhí ag seasamh roimh chainteanna an Bhreatimeachta – is é sin an teorainn ar thalamh na hÉireann.[4]

Bhunaigh an DUP 'painéal' chun comhairle a chur ar an bpáirtí faoi Chreat Windsor.

Leis an teorainn a choinneáil oscailte, is amhlaidh a socraíodh gur i Muir Éireann a dhéanfaí na seiceálacha custaim agus rialacháin a bhí riachtanach de thoradh an Bhreatain a bheith ag imeacht as an Aontas Eorpach. Le Creat Windsor, bhí an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar aon fhocal gur gá idirdhealú a dhéanamh idir earraí as an mBreatain atá ag teacht anall go Tuaisceart Éireann don mhargadh sin, agus earraí atá le seoladh ó dheas thar an teorainn gan aon seiceáil agus isteach sa mhargadh aonair in Éirinn nó ar aghaidh.[4]

Cur i bhfeidhm cuir in eagar

Dá nglacfaí leis an gcomhaontú, bheadh

  • Fáil ag muintir an Tuaiscirt ar mhargadh na Ríochta Aontaithe agus ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh araon.[5]
  • Cuirfear ar ceal bacainní trádála idir an Bhreatain agus an Tuaisceart, mar shampla lánaí 'glasa' agus 'dearga' d’earraí a thiocfadh as an Ríocht Aontaithe.
  • Ceadófar do pholaiteoirí i dTionól Stormont dlíthe áirithe an Aontais Eorpaigh a chrosadh i gcúinsí áirithe; beidh cead ag Tionól Stormont aon athruithe ar na rialacha a dhiúltú.[6]
  • Dlí na hEorpa fós i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, agus ceannas i gcónaí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.[7]

Rinneadh an margadh le súil go mbunófaí an athuair Tionól agus Feidhmeannas Stormont, a bhí ar fionraí le bliain. Bhunaigh an DUP 'painéal' chun comhairle a chur ar an bpáirtí faoi Chreat Windsor.[8]

Reachtaíocht cuir in eagar

Ar 22 Márta 2023, bhí tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach don Chreat, le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP.[9] Dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí. Dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht” cé go raibh an Creat agus An Prótacal (polasaí Johnson in 2020/21) mar a chéile.[10]

Na himpleachtaí cuir in eagar

Ba mhór ag a lán lucht gnó agus táirgeoirí bia i dTuaisceart Éireann an rochtain gan srianta a bheadh acu ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh chomh maith le margadh na Breataine Móire. Bhí súil freisin go mbeadh an Tuaisceart an-tarraingteach d’infheisteoirí ón iasacht a dteastódh uathu a bheith in ann déileáil sa dá mhargadh gan aon stró.[11]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Windsor Framework
  2. 2.0 2.1 publishing.service.gov.uk (2023). "Windsor Framework".
  3. Nuacht RTÉ (2023-02-27). "Cruinniú mullaigh faoin bPrótacal i Londain" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 "Bailchríoch á cur ar mhargadh prótacail agus von der Leyen agus Sunak ag bualadh le chéile in Windsor" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-01.
  5. Nuacht RTÉ (2023-02-28). ""Tairbhe mhór eacnamaíochta le baint as Creat Windsor" - Sunak" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2023-02-28). "Creat Windsor: Sunak i mBéal Feirste le haghaidh comhráite" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2023-02-27). ""Dearcadh dearfach" ag Tóraithe ar Chreat Windsor" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2023-03-06). "DUP le painéal comhairleach faoi Chreat Windsor a bhunú" (as ga). 
  9. Sky News. "MPs vote on Windsor Framework in Commons" (as en). 
  10. Conradh n Gaeilge London (25 Márta 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  11. Póilín Ní Chiaráin (1 Márta 2023). "Fós ag fanacht ar an DUP, ach faoiseamh é go bhfuil na daoine stuama tagtha ar réiteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-01.