An Prótacal um Thuaisceart Éireann

Comhaontú mhí na Nollag 2020 idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach

De réir "An Prótacal um Thuaisceart Éireann"[2][3]Prótacal Éireann / Thuaisceart Éireann,[4][5] faigheann earraí i dTuaisceart Éireann rochtain neamhshrianta ar an Margadh Eorpach Aonair.[6] Ach ag an am céanna, caithfear earraí áirithe a chuirtear chun an Tuaiscirt ón mBreatain a sheiceáil sula ligfear isteach iad sa Mhargadh Aonair.[7] Fágann an Prótacal iarBhreatimeachta go bhfuil rialacha trádála an Aontais Eorpaigh fós i bhfeidhm sa Tuaisceart in ainneoin an Bhreatimeachta.[8]

Bosca Sonraí DoiciméadAn Prótacal um Thuaisceart Éireann
Cineálprótacal Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Agóid i Stormont, "No Border, No Barrier" sa bhliain 2017[1]
faigheann earraí i dTuaisceart Éireann rochtain ar an Margadh Eorpach Aonair

Ar 27 Feabhra 2023, rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe agus an tAontas Eorpach margadh nua Breatimeachta  ; baisteadh Creat Windsor[9] ar an gcomhaontú.

Príomhalt: Creat Windsor

Cur i bhfeidhm

cuir in eagar

Tá an prótacal riachtanach de bharr an cineál Breatimeachta ar theastaigh ón Bhreatain a chur i bhfeidhm. Maolaíonn an Prótacal an bhagairt a bhaineann le suaitheadh i dtrádáil uile-Éireann trasteorann. Fógraíodh ar an 17 Samhain 2019 go raibh Boris Johnson agus Jean-Claude Juncker ar aon intinn faoi. Tháinig Prótacal Éireann in ait an "cúlstop", an plean a bhí ag Theresa May sna blianta 2017-2019. Síníodh an socrú maidir le tarraingt amach i Nollaig 2020. Tháinig an comhaontú[10] - agus Prótacal Éireann/TÉ - i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2021.

I mí Márta 2021, scríobh Coimisiún na hEorpa litir láidir go dtí Rialtas na Breataine ag cur in iúl dóibh go raibh an Prótacal á shárú agus go bhféadfaidís an dlí idirnáisiúnta á shárú chomh maith.[11]

póstaeir sa bhliain 2017

Cur i gcoinne

cuir in eagar
Thornton Manor, áit a bhí cainteanna sa bhliain 2019

Tá an DUP agus páirtithe eile aontachtacha ag iarraidh go gcuirfí deireadh le Prótacal Éireann. Cuireann aontachtaithe ina aghaidh mar go maolaíonn sé an ceangal idir iad agus an Ríocht Aontaithe, dar leo. Agus þa imní orthu is cosúil go bhfuil Prótacal Thuaisceart Éireann ag cur a n-áit i margadh inmheánach na Breataine i gcontúirt.[11]

Le linn 2021, d'éirigh an DUP éirithe níos nimhní in aghaidh an Phrótacail de réir mar atá ag méadú ar líon na ndaoine atá a chur an mhilleáin orthu as an bPrótacal conspóideach. Maítear gur as a dtacaíocht don Bhreatimeacht crua a d’eascair an Prótacal.[12] Creideann an DUP go mbaineann an prótacal an bonn de stádas bunreachtúil an Tuaiscirt taobh istigh den Ríocht Aontaithe agus go gcuireann sé isteach ar thrádáil idir an Tuaisceart agus an Bhreatain.[13]

An Tiarna Frost, Barún, CMG PC

Imeachtaí

cuir in eagar

I mí Feabhra 2021, b’éigean oibrithe a bhí ag feidhmiú Phrótacal an iar-Bhreatimeachta a aistarraingt ón obair ar mhaithe lena sábháilteacht.[14] Ach chinn na póilíní nach raibh fianaise ar bith ar fáil go raibh éinne ag bagairt ionsaithe ar na hoibrithe custaim. Dhearbhaigh an PSNI go poiblí nár thug siadsan comhairle in am ar bith go raibh na hoibrithe i gcontúirt.

Márta 2021

I mí na Márta 2021, dúirt an DUP go raibh siad réidih chun bac a chur ar Acht Gaeilge Stormont mura gcuirfí an Prótacal iar-Bhreatimeachta ar ceal.[15]

Ansin chuir an Choimisiúin Eorpaigh an dlí a chur ar Rialtas na Breataine faoi chodanna de Phrótacal an Tuaiscirt a chur ar fionraí agus síneadh ama a chur leis an tréimhse chairde do rialacháin nua.

Aibreán 2021

I mí Aibreáin 2021, tharla círéibeacha i gceantair dhílseacha. Bhí daoine ann is cosúil i measc na bparaimíleatach dílseach a bhí ar bís chun trioblóid a chothú in aghaidh an Phrótacail, iad ag iarraidh deireadh a chur leis "an teorainn i Muir Éireann".[16]

Brandon Lewis

Bealtaine 2021

I mí na Bealtaine 2021,dúirt Edwin Poots nach bhfuil sé d'aidhm aige freastal ar chruinnithe na Comhairle Thuaidh-Theas, go dtí go mbeidh ceist an Phrótacail réitithe.[1][17]

Níos déanaí i mí na Bealtaine, bhí sé tugtha le tuiscint ag Rialtas na Breataine go bhféadfaidís dul i muinín force majeure lena gcuid oibleagáid i leith Phrótacal an Tuaiscirt a chealú.[18] Tháinig cúinsí éagsúla chun cinn a chuir iallach ar an mBreatain, a dúirt an rialtas leasuithe a dhéanamh ar fheidhmiú an phrótacail gan dul i gcomhairle leis an Aontas Eorpach.

Liz Truss

Samhradh 2022

cuir in eagar

Thionscain an tAontas Eorpach cás dlí in aghaidh na Ríochta Aontaithe tar éis do Rialtas na Breataine reachtaíocht a fhoilsiú faoina gcuirfear ar neamhní cuid mhór de Phrótacal an Tuaiscirt. Dar leis an gCoimisiún Eorpach go sáraíonn reachtaíocht nua na Breataine na gealltanais a tugadh sa chomhaontú maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus - dá réir sin - go sáraíonn sí an dlí idirnáisiúnta.[19][20]

I mí Iúil, ritheadh an 'tAcht um Náisiúntacht agus Teorainneacha' in Westminster.

Chris Heaton-Harris

Ar 23 Samhain 2022, dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil gur aontaigh príomh-aire na R-A, Rishi Sunak, leis go n-oibreodh an bheirt i dteannta a chéile chun ceist an Phrótacail a réiteach ach go gcaithfí “feoil a chur ar chnámha an ghealltanais sin”.[21]

I mí Feabhra 2023, rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londáin go raibh Prótacal an Tuiscirt “dleathach”.[22]

Ar 27 Feabhra 2023, rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe agus an tAontas Eorpach margadh nua, Creat Windsor.[9]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2017-03-29). "Stormont protest over Brexit warns against hard border" (as en). 
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  3. europa.eu (30 Nollaig 2019). "COMHAONTÚ maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach L_2020029GA.01000701.xml". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  4. "Prótacal Thuaisceart Éireann" sa phreas de ghnáth
  5. "L_2020029EN.01000701.xml". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  6. Tús Áite, le Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG). (3 Márta 2021). "Raidió na Gaeilge". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  7. Nuacht RTÉ (2021-05-14). "Edwin Poots ceannaire nua an DUP" (as ga). 
  8. "Séanta ag an DUP go gcuirfear tuilleadh moille ar reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  9. 9.0 9.1 Windsor Framework
  10. "EU–UK Trade and Cooperation Agreement" (as en) (2021-05-16). Wikipedia. 
  11. 11.0 11.1 Nuacht RTÉ (2021-03-04). "Tacaíocht Chomaontú Aoine an Chéasta aistharraingthe ag dílseoirí" (as ga). 
  12. Póilín Ní Chiaráin (11 Aibreán 2021). "Conas a chuirfear deireadh leis na círéibeacha?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  13. Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Vótaí á gcomhaireamh i dtoghchán Chomhthionól Stormont" (as ga). 
  14. Póilín Ní Chiaráin (14 Feabhra 2021). "Mistéir – cén t-údar a bhí le haistarraingt oibrithe i Latharna agus Béal Feirste?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  15. Póilín Ní Chiaráin (24 Márta 2021). "An é cás na reachtaíochta Gaeilge nó an DUP féin atá in aimhréidh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  16. Póilín Ní Chiaráin (7 Aibreán 2021). "‘Tá sé in am spraoi’ arsa duine fásta le hógánaigh nuair a tháinig an PSNI" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  17. Nuacht RTÉ (2021-05-16). "Ráiteas Poots séanta ag an Aire Coveney" (as ga). 
  18. Nuacht RTÉ (2021-05-18). "Force majeure maidir le Prótacal an Tuaiscirt á bhagairt" (as ga). 
  19. "Prótacal an Tuaiscirt: Aontas Eorpach gafa i muinín an dlí" (as ga) (2022-06-15). 
  20. "Cur i gcéill arís ó Johnson maidir leis an bPrótacal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  21. Cathal Mac Coille (26 Samhain 2022). "Ceist nach féidir a fhreagairt: an bhfuil fonn réitigh dáiríre ar rialtas na Breataine?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  22. Conradh na Gaeilge, Londain (11 Feabhra 2023). "Nuacht Mhall". Dáta rochtana: 2023.