Ursula von der Leyen
Is polaiteoir Gearmánach í Ursula von der Leyen (a rugadh ar an 8 Deireadh Fómhair 1958 sa Bhruiséil) agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ó 2019 ar aghaidh, an chéad bhean a bhí i gceannas ar an gCoimisiún Eorpach.[1]
Saol
cuir in eagarTá von der Leyen ar dhuine de sheachtar clainne, iníon le Ernst Albrecht, polaiteoir CDU agus iar-Stiúrthóir Ginearálta an Choimisiúin Eorpaigh.
Bhí uirthi dul i bhfolach thar lear sa bhliain 1978. Bhí an Rote Armee Fraktion sa Ghearmáin ag iarraidh í a fhuadach, nó b'shin an eagla a bhí ann. Chaith sí an an bhliain sa London School of Economics i bhfianaise an riosca slándála agus bhain sí úsáid as ainm bréige, "Rose Ladson" nuair a bhí sí thall ansin.
Bhain sí céim amach i leigheas ó Ollscoil Hannover in 1987, agus chríochnaigh sí a hoiliúint ghairmiúil mar dhochtúir sa bhliain 1991.
Gairm pholaitiúil sa Ghearmáin
cuir in eagarChuaigh von der Leyen isteach sa CDU i 1990 agus bhí sí ina ball de Thionól Íochtarach na Gearmáine ó 2003.
- Mar Aire Gnóthaí Teaghlaigh, Daoine Scothaosta, Mná agus Óige (2005-2009), thacaigh sí le beartais chun cothromaíocht oibre agus saoil a fheabhsú do theaghlaigh Gearmánacha.
- Mar Aire Saothair agus Gnóthaí Sóisialta (2009-2013), d'oibrigh sí ar mhéadú rátaí fostaíochta agus ar fheabhsú coinníollacha oibre.
- Mar Aire Cosanta (2013-2019), bhí sí freagrach as nuachóiriú na bhfórsaí armtha Gearmánacha agus méadú ar chaitheamh míleata.
Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh
cuir in eagarThogh Parlaimint na hEorpa von der Leyen ar an 16 Iúil 2019 agus ghlac sí a hoifig ar an 1 Nollaig 2019. Bhrúigh sí ar aghaidh le polasaithe chun comhtháthú níos doimhne a bhaint amach laistigh den AE.
- Beartas Aeráide: seoladh an "Comhaontú Glas don Eoraip", a raibh mar aidhm aige Eoraip "neodrach ó thaobh carbóin de" a bhaint amach faoi 2050.
- Claochlú Digiteach: D'oibrigh sí ar bheartais chun dul chun cinn digiteach agus teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn san AE
Ar an 18 Iúil 2024, bhí von der Leyen tofa ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach don dara téarma cúig bliana. 401 feisirí Eorpacha a vótáil ar son von der Leyen agus 284 a vótáil ina coinne. Bhí tacaíocht aici óna páirtí féin atá sa lár ar dheis, Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), na Sóisialaigh agus Daonlathaithe (S&D), Athnuachan Eorpach agus na Glasaigh léi. Bhí feisirí Fhianna Fáil ina measc siúd a cháin í faoi Ghaza agus a vótáil ina coinne mar Uachtarán.[1]
Faoina cuid réamhphleananna do na chéad cúig bliana eile, ceapadh Coimisinéir Eorpach tithíochta den chéad uair riamh, le déileáil leis an ngéarchéim ó thaobh cíosanna arda agus tithe nach acmhainn do dhaoine.
Pearsanta
cuir in eagarTá von der Leyen pósta le Heiko von der Leyen, dochtúir agus ollamh, agus tá seachtar clainne acu le chéile.
Marcach den scoth is ea í agus tá feirm agus stáblaí aici i mBurgdorf, Hannover. Tá suim aici chom maith i rothaíocht, léitheoireacht, agus cinnte, am a chaitheamh lena clann ollmhór.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh Oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh: ec.europa.eu
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Ursula von der Leyen tofa ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach don dara téarma" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-18). Dáta rochtana: 2024-07-22.