Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh

Is éard atá i gceist le Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh (Béarla: EU Nature Restoration Law) ná athchóiriú a dhéanamh ar thalamh ar bhealach nádúrtha.[3] Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí ar 27 Feabhra 2024 (tuigtear go nglacfaidh Airí Comhshaoil an AE leis freisin i mí an Mhárta 2024).[4][5][6]

Bosca Sonraí DoiciméadDlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh
Cineálclár rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú15 Eanáir 2020 Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreán gréasáinec.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata
portach, An Chloch Fhionn (Cloghfin), Tír Chonaill.[1] Athchóiriú 30,000 heicteár in Éirinn faoi bhealach sna 2020idí[2]

An dlí cuir in eagar

Ghlac Parlaimint na hEorpa in 2024 le dlí suaitheanta an AE chun athchóiriú a dhéanamh ar an dúlra, ag cloí le cuid den phlean a bhí ann cosaint a dhéanamh ar an timpeallacht i ndiaidh agóidíocht na bhfeirmeoirí.[7]

Sa chéad dul síos, caithfidh tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) plean a leagan amach faoin gcaoi a ndéanfar athchóiriú ar 20% de thalamh agus réimsí farraige an AE faoin mbliain 2030. Caithfidh siad na pleananna a leagan amach roimh 2027.

Tá an sprioc ann go mbeidh na héiceachórais ar fad curtha san áireamh faoi 2050. Tá spriocanna áirithe aeráide leagtha síos sa dlí nua.[3]

Cur in aghaidh cuir in eagar

Is beag fáilte atá á chur ag feirmeoirí roimh an dlí. Creideann roinnt feirmeoirí go mbeidh a slí bheatha siar leis. Ach dúirt an Feisire Eorpach, Sean Kelly go bhfuil geallúint faighte aige ó Choimisinéir Talmhaíochta an AE nach mbeidh aon iallach ar fheirmeoirí géilleadh don dlí seo, agus go mbeadh cúiteamh ann do pé feirmeoir a bheadh sásta a bheith páirteach sa scéim.[3]

An Dlí in Éirinn cuir in eagar

Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023[8] agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030.[9][10] Tá ar gach údarás áitiúil in Éirinn plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.[11]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Chloch Fhionn/Cloghfin" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
  2. euractiv.com (20 Meitheamh 2023). "Nature needs to be restored quickly, says Irish minister" (en-IE). Dáta rochtana: 2024.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-02-27). "Parlaimint na hEorpa ag glacadh leis an Dlí Athchóirithe Nádúir" (as ga-IE). 
  4. Glacadh leis an dlí seo le farasbarr 54 vóta. Vótáil Fine Gael i bhfabhar ach bhí Páirtí Phobal na hEorpa (European People's Party / EPP) in aghaidh i ndeireadh an lae.
  5. RnaG / Tús Áite (2023). "Tús Áite: Dlí Athchóirithe Nádúir." (as ga-IE) (Vótáil Pairlimint na hEorpa 12 IÚIL 23 ar son an Dlí nua Athchóirithe Nádúir le 336 feisire ar a shon, 300 ina choinne agus triúr déag a shéan ón vótáil. Labhraímid faoi seo le Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael).). 
  6. Catherine Connolly TD (Iúil 2023). "Catherine Connolly TD speaking on the Motion on Nature Restoration Law." (as en-IE). 
  7. RnaG / Tús Áite (27 Feabhra 2024). "Tús Áite: An Bille Athchóirithe Nádúir i bParlaimint na hEorpa. Agallamh le Seán Kelly" (as en). 
  8. oireachtas.ie (2023). "An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023". Dáta rochtana: 2024.
  9. "National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service". www.npws.ie. Dáta rochtana: 2024-02-27.
  10. npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024.
  11. Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-01-25). "Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc" (as ga-IE).