Breitheamh Éireannach is ea Úna Ní Raifeartaigh (a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1967/1968). Bhí sí tofa mar bhreitheamh na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine sa bhliain 2024.[1][2] Is duine de na mórdhlíodóirí Éireannacha den am í agus fad is a bhí sí ag abhcóideacht láithrigh sí i go leor cásanna tábhachtacha.

Infotaula de personaÚna Ní Raifeartaigh
Beathaisnéis
Breith18 Lúnasa 1966
58 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
GairmBreitheamh de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2024–), breitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata

Is cainteoir líofa Gaeilge í.[3]

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

Bhain Úna Ní Raifeartaigh céim dlí (BCL) amach i gColáiste na hOllscoile, BÁC sa bhliain 1988.[4] Bhí sí ar fhoireann dhámh an dlí i gColáiste na Trionóide ó 1991 go 1995, mar Ollamh Reid le dlí coiriúil. Glaodh chun Bharra na hÉireann uirthi sa bhliain 1993 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 2009.[5]

Mar Abhcóide Sinsearach, d'íoc an Stát €357,002 léi sa bhliain 2015.[6] An bhliain dár gcionn ceapadh í mar bhreitheamh san Ard-Chúirt sa bhliain agus sa Chúirt Achomhairc in 2019.[7]

Breithiúnais agus tuairimí

cuir in eagar

In 2019, agus í ina Breitheamh Ard-Chúirte, mhaígh Úna Ní Raifeartaigh go raibh dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír[2] agus go bhfuil dualgas ar an Stát iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil. Bíonn  an dualgas sin ann mar cheart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht. Dúirt sí go mbíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.[8][9] Dúirt sí go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.[10][11][12]

In 2021, pléadh cás as Gaeilge den chéad uair i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a lorg Ní Raifeartaigh soiléiriú maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.[13]

In 2021 agus í ag seoladh leabhair leis an Dr Mary Phelan, Irish Speakers, Interpreters and the Courts 1754-1921, dúirt  Ní Raifeartaigh gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn ná mar a chaitear le himircigh. Dúirt an Breitheamh go bhféadfadh sé go raibh baint ag neamhshuim an Stáit agus na gcúirteanna sa Ghaeilge leis an sórt díothú teanga nó ‘lingua-cide’, a bhfuil dochar as cuimse déanta aige “d’anam na tíre seo”.[14]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Appointments to the Court of Appeal and the High Court" (en). merrionstreet.ie. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  2. 2.0 2.1 "Cainteoir líofa Gaeilge tofa mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-18). Dáta rochtana: 2024-04-19.
  3. "Breitheamh nua san Eoraip a thug tacaíocht do Ghaeilgeoirí" (en-GB) (2024-04-16). Dáta rochtana: 2024-04-21.
  4. Scoil Dlí, COBÁC (2016). "Facebook". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  5. "Appointments to the Court of Appeal and the High Court" (en). merrionstreet.ie. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  6. "Úna Ní Raifeartaigh nominated as High Court judge" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  7. "Ms Justice Úna Ní Raifeartaigh | Maynooth University". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  8. sa leagan scríofa de chinneadh a rinne sí faoi Ghaeilge sna cúirteanna san Ard-Chúirt.
  9. "Bíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le ‘surprising intolerance’ ó dhreamanna ‘usually more respectful of minority rights’ – Breitheamh Ard-Chúirte" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-07-12). Dáta rochtana: 2024-04-19.
  10. "Caithfear a bheith ‘oscailte’ faoi stádas na Gaeilge a athrú má tá Éire Aontaithe le bheith ann – Varadkar" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-06-17). Dáta rochtana: 2024-04-19.
  11. Donncha Ó hÉallaithe   (23 Meitheamh 2021). "Rialú déanta ag an Ard-Chúirt go gcaithfear Gaeilge a chur ar tháirgí leighis d’ainmhithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  12. "Léirigh cás dlí faoi mhadra Gaeltachta a seafóidí is atá stádas bunreachtúil na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-06-23). Dáta rochtana: 2024-04-19.
  13. "Breithiúnas tugtha sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an AE" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-03-17). Dáta rochtana: 2024-04-19.
  14. "Dochar as cuimse déanta ‘d’anam na tíre’ ag neamhshuim an Stáit sa Ghaeilge – breitheamh sinsearach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-02-04). Dáta rochtana: 2024-04-19.