Bruno Kreisky
Polaiteoir de chuid na hOstaire ba ea Bruno Kreisky (22 Eanáir 1911 – 29 Iúil 1990). Bhí Kreisky chun tosaigh i bpolaitíocht na hOstaire ar feadh tréimhse fhada, mar Aire Gnóthaí Eachtracha (1959-66) agus mar Sheansailéir (1970-83).[1]
SaolCuir in Eagar
Rugadh Bruno Kreisky i Vín sa bhliain 1911.
Ar iarratas Otto Bauer, a bhí i measc cheannairí na Sóisialaithe („Die Partei braucht gute Juristen“; tá dlíodóirí maithe ag teastáil ag an bPáirtí) shocraigh Kreisky Óg staidéar a dhéanamh ar an dlí, in áit an leighis.[1]
Cuireadh isteach ar a chuid staidéar nuair a gabhadh é mar dhuine a bhí ag cur in éadan an réimis fhorlámhaigh a bhí i gcumhacht san Ostair ag an am. Ach chríochnaigh sé a dhochtúireacht sa dlí sa bhliain 1938, díreach agus a bhí an Anschluss ag tarlú. Chuaigh Kreisky ar deoraíocht sa tSualainn níos déanaí sa bhliain sin.
Tar éis do Kreisky filleadh ar Vín sa bhliain 1946 bhí roinnt post aige i seirbhís taidhleoireachta na hOstaire, i Stócólm agus i Vín, mar cheann foirne cúnta agus comhairleoir polaitiúil don Uachtarán Theodor Körner ó 1951 go 1953 agus mar idirbheartaí le haghaidh Chonradh Stáit na hOstaire, a tugadh i gcrích sa bhliain 1955.[1]
PolaiteoirCuir in Eagar
Toghadh Kreisky chun na parlaiminte cónaidhme sa bhliain 1956. Rinneadh an tAire Gnóthaí Eachtracha trí bliana ina dhiaidh sin. Sa phost sin, bhí páirt aige agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa á chur ar bun agus nuair a réitíodh an t-aighneas leis an Iodáil maidir leis an Tioróil Theas.
Mar Sheansailéir, thug Kreisky tacaíocht láidir do na leasuithe a bhí á gcur chun cinn ag an Aire Dlí agus Cirt, Christian Broda, nuachóiriú an dlí teaghlaigh agus an chórais príosúin agus díchoiriúlú an ghinmhillte agus na homaighnéasachta san áireamh.[1]
Ainneoin gur saolaíodh ina Ghiúdach é, ba mhinic a cáineadh Kreisky mar gheall ar an toil a maíodh a bhí aige neamhaird a thabhairt ar na cúlraí Naitsíocha ag bhí ag roinnt daoine a bhí i gcomhghuaillíocht leis sa pholaitíocht.
Spreag Kreisky sin cásanna cúirte áirithe, a bhfuil aithne mhaith ar cheann acu ag mic léinn ó thaobh an dlí Eorpach um chearta an duine de, mar gheall ar an breithiúnas sa chás 𝑳𝒊𝒏𝒈𝒆𝒏𝒔 𝒗 𝑨𝒖𝒔𝒕𝒓𝒊𝒂 sa bhliain 1986, maidir le hiriseoir a ciontaíodh i gclúmhilleadh coiriúil i dtaobh an tSeansailéara sa chomhthéacs seo.[1]