Anschluss a thugtar go coitianta ar an nascghabháil a rinne an Ghearmáin Naitsíoch ar an Ostair ar an 12 Márta 1938. Is é is ciall leis an bhfocal Gearmáinise úd Anschluss (nó Anschluß de réir litriú na Gearmáinise roimh na leasuithe a rinneadh sna 1990idí) ná "nasc" - is é an focal a thagraíonn, mar shampla, do nasc leictreachais idir dhá ghléas leictreonaice.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAnschluss
Map
 48° 06′ 58″ N, 13° 35′ 38″ E / 48.115992°N,13.593897°E / 48.115992; 13.593897
Cineálionghabháil
críoch Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana13 Márta 1938
12 Márta 1938 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát Cónaidhme na hOstaire Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

An Cúlra Stairiúil

cuir in eagar

Thosaigh smaoineamh an Anschluss ag forbairt i ndiaidh aontú na Gearmáine sa bhliain 1871. Ba í an Phrúis a d'aontaigh na mionstáitíní Gearmánacha: roimhe sin bhí iomaíocht ar cois idir an Phrúis agus an Ostair faoi cé acu a shealbhódh ardcheannas na stát Gearmánach. Bhí an Ghearmáin roinnte ina mionstáit - diúcachtaí, ard-diúcachtaí, prionsachtaí, deoisí - agus ní raibh de cheangal eatarthu ach an struchtúr meánaoiseach ar a dtugtaí an Impireacht Naofa Rómhánach (nó "Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh") - ba í an Ostair a bhí i gceannas ar an Impireacht seo, ach ní raibh cumhacht ar bith ag an Impire ar an bPrúis, ós rud é gur vasáilleach de chuid na Polainne a bhí i nDiúc na Prúise ar dtús (ní ba dhéanaí chorónaigh diúc na Prúise é féin go rí na Prúise, agus sa deireadh rinne an Phrúis, an Ostair agus an Rúis críochdheighilt ar an bPolainn). I rith na mblianta thosaigh an Phrúis ag cruthú struchtúir uile-Ghearmánacha a bhí beag beann ar a Ostair, go háirithe an Zollverein nó Aontas Custam na Gearmáine sa bhliain 1833. Nuair a d'aontaigh an Phrúis na stáitíní Gearmánacha go hImpireacht na Gearmáine i ndiaidh Chogadh na Fraince is na Prúise, fágadh an Ostair taobh amuigh den impireacht nua.

San am sin bhí Impireacht na hOstaire comhdhéanta as na hilnáisiúntachtaí cosúil leis na Seicigh agus na Sloivéanaigh, agus a teanga féin ag gach náisiúntacht acu. Mar sin ní raibh sé ciallmhar an impireacht seo a chur leis an nGearmáin san am. D'athraigh cúrsaí, áfach, nuair a chaill an Ostair an Chéad Chogadh Domhanda, agus na náisiúntachtaí éagsúla ag tréigean na hOstaire agus ag bunú a gcuid náisiúnstát féin. An chuid den Ostair a bhí fágtha ar an saol ina dhiaidh sin, ní raibh inti ach na tailte a raibh cónaí ar lucht labhartha Gearmáinise iontu, ach níor cheadaigh buaiteoirí an chogaidh don Ostair aontú leis an nGearmáin.

Fronta na Tíre Dúchais

cuir in eagar

I ndiaidh an Chogaidh Mhóir bhí tromlach na nOstarach fonnmhar chun aontú leis an nGearmáin, ach nuair a chuaigh Adolf Hitler i gceannas ar an tír sin, d'imigh an fonn sin don chuid ba mhó. San am sin bhí an Ostair á rialú ag Fronta na Tíre Dúchais nó Vaterländische Front. Cé gur eagraíocht neamhdhaonlathach a bhí san Fhronta, ní raibh sé ag iarraidh neamhspleáchas na hOstaire a chaitheamh i dtraipisí ar mhaithe leis an "nGearmáin Mhóir" (Grossdeutschland) - a mhalairt ar fad bhí siad ag géarleanúint agus ag príosúnú Naitsithe Ostaracha. Bhí an Fronta ag comhoibriú leis an Eaglais Chaitliceach, agus ní raibh ciníochas ag roinnt lena idé-eolaíocht: más féidir Faisisteachas a chur i leith an Fhronta, bhí sé ní ba chosúla le faisisteachas Mussolini ná le Naitsíochas Hitler.

Dúnmharú Engelbert Dollfuss agus Deireadh an Neamhspleáchais

cuir in eagar

Sa bhliain 1934 rinne na Naitsithe Ostaracha iarracht an chumhacht a shealbhú le lámh láidir. Theip ar an gcoup d'état seo, áfach, cé go bhfuair ceannaire an Fhronta agus na hOstaire, Engelbert Dollfuss, sa teagmháile. Chuaigh cuid mhór de na Naitsithe Ostaracha ar imirce go dtí an Ghearmáin, ach mar sin féin mhair siad ag cur brú ar rialtas na hOstaire. Tháinig Kurt Schuschnigg chun comharbais ar Dollfuss, agus sa bhliain 1938 mhol sé ceist neamhspleáchais na hOstaire a fhuascailt trí reifreann. Sin smaoineamh nár thaitin le Hitler. Dúirt sé go raibh an plean pobalbhreithe ag dul in aghaidh thoil an phobail san Ostair agus sa Ghearmáin araon, agus é ag éileamh ar Schuschnigg an reifreann a chur ar ceal. Sin mar a rinneadh, agus ar an 12 Márta 1938 - an lá roimh an bpobalbhreith phleanáilte - ghlac trúpaí na Gearmáine seilbh ar an Ostair. Ní dhearna na saighdiúirí Ostaracha iarracht ar bith an t-ionradh a stopadh, agus le fírinne bhí na sluaite ag fáiltiú an airm Ghearmánaigh go dílis díograiseach. D'eagraigh na Naitsithe a reifreann féin ar an 10 Aibreán 1938 leis an Anschluss a dheimhniú go deifnídeach. Cé gur léir go ndearna na Naitsithe mí-ionramháil ar thorthaí na pobalbhreithe seo, is follas go raibh cuid mhór de bhunadh na hOstaire sásta leis an Anschluss.

Athbhunú an Neamhspleáchais

cuir in eagar

Chuir rialtas sealadach na hOstaire an tAnschluss ar ceal ar an 27 Aibreán 1945. Ina dhiaidh sin, thug na Comhghuaillithe aitheantas don Ostair mar thír neamhspleách, cé gur fhan a gcuid trúpaí sa tír go lár na gcaogaidí, nuair a shínigh a gcuid ionadaithe an Staatsvertrag - an Státchonradh um Athbhunú na hOstaire mar Stát Neamhspleách Ceannasach.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar