James Craig, 1ú Bíocúnta Chreaga Abhann

polaiteoir as Béal Feirste

Ba cheannaire aontachtach i dTuaisceart Éireann é James Craig (Gaeilge:Séamus Ó Creag, 8 Eanáir 1871 - 24 Samhain 1940).

James Craig
James Craig Viscount Craigavon.jpg

1ú Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann
In oifig
7 Meitheamh, 1921 - 24 Samhain, 1940
Réamhtheachtaí: oifig nua
Comharba: John Miller Andrews

Ceannaire an Páirtí Aontachtach Uladh
In oifig
7 Meitheamh, 1921 - 24 Samhain, 1940
Réamhtheachtaí: Edward Carson
Comharba: John Miller Andrews

Comhalta do Teach na dTiarnaí
In oifig
23 Eanáir, 1927 - 24 Samhain, 1940
Réamhtheachtaí: oifig nua
Comharba: James Craig, 2ú Bíocúnta Chreaga Abhann

Teachta Parlaiminte do Lár An Dún
In oifig
14 Nollaig, 1918 - 2 Iúil, 1921
Réamhtheachtaí: oifig nua
Comharba: Robert Sharman-Crawford

Teachta Parlaiminte do An Dún Thoir
In oifig
8 Feabhra, 1906 - 14 Nollaig, 1918
Réamhtheachtaí: James Wood
Comharba: Sir David Reid

Dáta breithe 8 Eanáir 1871
Áit bhreithe Béal Feirste, Éire
Dáta báis 24 Samhain, 1940
  Gleann Creag, Tuaisceart na hÉireann
Páirtí Páirtí Aontachtach Uladh
Céile Cecil Mary Tupper
1924

SaolCuir in Eagar

 
28 MF 1912ː an Conradh agus an Cúnant - Craig i lár le Carson

Chuir Craig agus Edward Carson Óglaigh Uladh ar bun sa bhliain 1911.

Sa bhliain 1912, dhréachtaigh Edward Carson agus James Craig an Conradh agus an Cúnant Sollúnta (Solemn League and Covenant) agus shínigh breis agus 250,000 Protastúnach i gCúige Uladh é.[1] Sa bhliain 1913 bhunaigh siad seo Óglaigh Uladh, fórsa a raibh sé de chuspóir acu stop a chur leis an Rialtas Dúchais ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

 
1924

Bhí Craig ar dhuine de lucht tacaíochta Edward Carson le linn na géarchéime faoi rialtas dúchais.[2]

Nuair a tharla críochdheighilt, bhí Carson tar éis éirí as agus bhí James Craig anois ina cheannaire ar an bPáirtí Aontachtach. An chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann a bhí ann, ó 1921-1940.

Rinneadh bairnéad de Craig sa bhliain 1918; ansin i 1927 rinneadh 'Viscount Craigavon' (Bíocúnta Chreaga Abhann) de.

Meath agus básCuir in Eagar

Bhí Craig fós in oifig nuair a tháinig néaltrú air, is cosúil, agus 19 bliain i réim. D'éag an príomh-aire ar 24 Samhain 1940, in aois 69 dó agus tá sé curtha i Stormont.

 
Stormont

TioncharCuir in Eagar

Sna seascaidí, d'ainmnigh baile ina dhiaidh, Craigavon.

TagairtíCuir in Eagar

  1. COGG. "Ó chlochaois go spásrás". Dáta rochtana: 2020.
  2. COGG. "Stór Staire". Dáta rochtana: 2020.