Rialtas Dúchais
Ba é an Rialtas Dúchais (Home Rule) an príomhchuspóir polaitiúil a bhí ag náisiúnaithe bunreachtúla in Éirinn sa naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois.

Ba é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann an páirtí polaitíochta a bhí ag éileamh Rialtas Dúchais d'Éirinn, agus ba iad Isaac Butt, William Shaw agus Charles Stewart Parnell príomhcheannairí an pháirtí agus ailtirí an Rialtas Dúchais mar choincheap.
Is éard a bhí ann, go bunúsach, ná an t-éileamh go gcuirfí parlaimint fhéinrialaitheach ar bun in Éirinn. Níor theastaigh ón lucht Rialtais Dúchais in Éirinn a scaradh scun scan ón Ríocht Aontaithe.
Reachtaíocht
cuir in eagarÓn bhliain 1870 ar aghaidh, bhí feachtas ar bun ag ceannairí náisiúnacha na hÉireannach ag Westminster, go háirithe ag Charles Stewart Parnell, chun Rialtas Dúchais (féinriail réigiúnach) a bhaint amach in Éirinn. Bhí ceannairí Aontachtaithe na hÉireann, áfach, glan i gcoinne.
Ritheadh ceithre Bhille um Rialtas Dúchais in Éirinn, ach níor tháinig aon cheann acu i bhfeidhm ina iomláine.
- 1) '1886'. Ritheadh an chéad Bhille sa bhliain 1886, ach ní bhfuair sé faomhadh Theach na dTeachtaí féin. Chinn ceannairí an fhreasúra, an Páirtí Coimeádach, an "Cárta Buí" a imirt: sa bhliain 1886, chum an Tiarna Randolph Churchill an slógadh Ulster will fight and Ulster will be right.
- 2) '1893'. An dara Bille, arís, sa bhliain 1893, ba i dTeach na dTiarnaí a cuireadh bac air. Bhí an chumhacht ag Teach na dTiarnaí ag an am reachtaíocht a chrosadh.
Gladstone, 8 Aibreán 1886 Chuaigh na polaiteoirí sa Bhreatain trí anás uafásach le "Home Rule", c1905-1910 John Redmond, 1917 - fear briste - Ar an 25 Bealtaine 1914, léadh an bille an tríú huair i dTeach na dTeachtaí. Glacadh leis le móramh ollmhór i bhfabhar (77). Bualadh an Bille i dTeach na dTiarnaí arís ach tugadh Aontú na Banríona don Bhille níos déanaí (an próiseas a chuireann bille ar bhonn reachtúil)[4].
Seoirse V - Mar thoradh air sin, rith an bille trí Thithe an Pharlaimint i ndeireadh báire, agus fuair sé an t-aontú ríoga i lár na bliana 1914. Ach ag an am céanna, d’eagraigh Rí na Breataine, Seoirse V, comhdháil ag Pálás Buckingham ar 21-24 Iúil 1914 le teacht ar réiteach ar “fhadhb na hÉireann.” Ní raibh aon rath ar an gcomhdháil.
- Ar an 4 Lúnasa 1914, d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin. Spreag sé seo Príomh-Aire na Breataine reachtaíocht a dhréachtú chun Rialtas Dúchais a chur siar.
Réiteach ar bith
cuir in eagarDe dheasca an Chéad Chogaidh Dhomhanda, is cosúil, níor cuireadh an tríú Bille i bhfeidhm riamh. Ach b'é sin leithscéal a chodail amuigh b'fhéidir.
Léirigh glacadh Theach na dTeachtaí leis an mBille ach diúltú Theach na dTiarnaí dó a chasta is a bhí an díospóireacht seo.
Ar aon nós, ba léir go raibh athrú ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus an reachtaíocht rite ag na Teachtaí an chéad lá. Spreag na vótaí seo lear mór eachtraí a raibh tionchar nach beag acu ar imeachtaí na mblianta ina ndiaidh
1920
cuir in eagarBa é an tAcht um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920 an tAcht deifnídeach, ach níor cuireadh an ceann sin féin i bhfeidhm ach amháin i dTuaisceart Éireann.
Féach Freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ DFA.ie. "‘Ócáid thábhachtach i stair na tíre’ ba ea daingniú agus diúltú an Bhille Rialtas Dúchais i mí Eanáir".
- ↑ The Irish Home Rule Bill, Annie G. Porritt, Political Science Quarterly, Vol. 28, No. 2 (Jun., 1913), pp. 298-319 https://www.jstor.org/stable/2141348
- ↑ Irish Home Rule, 1867-1921, Alan O'Day, lch 254
- ↑ Alan O'Day, Irish Home Rule, 1867-1921, lch 254 agus https://www.jstor.org/stable/2141348?seq=1#page_scan_tab_contents agus Joseph P. Finnan, John Redmond and Irish Unity: 1912 - 1918, lch 57