Fiú sna sé chontae is fiche, tugadh an-tacaíocht don rialtas nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. Ó tharla gur bronnadh rialtas dúchais, cé go mbeadh moill air, mhol Mac Réamainn do gach duine tacú leis an chomhar cogaidh.
“Gabhaigí chuig cibé áit a bhfuil an líne thosaigh, leis an cheart, an tsaoirse agus an creideamh a chosaint sa chogadh seo. ”Bheadh a mhalairt d’iompar ina ábhar náire dár dtír go deo.”[4]
Chruthaigh tacaíocht Redmond don chogadh scoilt i ngluaiseacht na n-Óglach. Thaobhaigh tromlach na mball leis, agus thug siad na "hÓglaigh Náisiúnta" orthu féin. Choinnigh na baill a d’fhan sa bhaile an t-ainm Óglaigh na hÉireann agus bheadh ról tábhachtach acu in Éirí Amach na Cásca in 1916.
Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin. Níos déanaí, mhaígh John Redmond go mbeadh na hÓglaigh réidh le hÉirinn a chosaint. Ní raibh múinín ag an rialtas níos mó as, agus go háirithe saighdiúirí mar Kitchener.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.