Páirtí Parlaiminteach na hÉireann
Páirtí polaitíochta a bhí gníomhach in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois ab ea Páirtí Parlaiminteach na hÉireann (Béarla: Irish Parliamentary Party, an IPP) nó Páirtí an Rialtais Dúchais.
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | IPP ![]() | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Náisiúnachas in Éirinn ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1882 | ||||
Bunaitheoir(í) | Isaac Butt ![]() | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1921 ![]() | ||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||

Bhí an Páirtí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn[1]. Theastaigh parlaimint i mBaile Átha Cliath uathu ach ní raibh aon locht acu ar an mBanríon Victoria a bheith ina banríon ar Éirinn.
De ghnáth chabhraídís féin agus an Páirtí Liobrálach lena chéile i Westminster.
Fuair an Páirtí Parlaiminteach an chuid is mó dá dtacaíocht in Éirinn ó na Caitlicigh.

StairCuir in Eagar
B'é Charles Stewart Parnell a bhunaigh an páirtí sa bhliain 1882, in áit Léig an Rialtais Dúchais,
Bhí scoilt sa pháirtí nuair a thit Parnell sa bhliain 1891, ach athaontaíodh é ar 30 Eanáir 1900 faoi cheannas Sheáin Mhic Réamainn (John Redmond) agus níos déanaí Seán Diolún.
Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus an ghéarchéim choinscríobh i 1918, chaill siad a suíocháin ar fad sa rialtas mar bhog fabhar an phobail go dtí Sinn Féin. Bhí deireadh leis an bpáirtí seo beagnach sa Saorstát mar bhí Rialtas Dúchais as dáta mar choincheap. Lean sé ar aghaidh i dTuaisceart na hÉireann, áfach, mar pháirtí beag faoin ainm Páirtí na Náisiúnaithe.
CeannairíCuir in Eagar
- Charles Stewart Parnell (1882-1891)
- Seán Mac Réamainn (1891-1900)
- Justin McCarthy (1891-1892)
- Seán Diolún (1892-1900)
- Seán Mac Réamainn (1900-1918)
- Seán Diolún (1918)
- Seosamh Ó Doibhilin (1918-1921)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Cowman, Des - Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach (An Gúm 1991).