Victoria na Ríochta Aontaithe
Bhí Victoria (24 Bealtaine 1819 – 22 Eanáir 1901) ina banríon ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ó 20 Meitheamh 1837 ar aghaidh. Bhí sí ar an gcéad Bhanimpire ar an India ó 1 Bealtaine 1876 go dtí lá a báis ar 22 Eanáir 1901.
Mhair a réimeas ar feadh 63 bliain, an réimeas is faide a bhí ag aon mhonarc na Breataine riamh, go dtí gur éirigh Eilís II ar an mbanríon is faide i réim i 2015.[1] Tugtar 'An Ré Victeoiriach'[2] ar aimsir a réimis.
Tháinig a mac, Éadbhard VII, i gcomharbacht uirthi.
Victoria agus Éire
cuir in eagarIn am Victoria, bhí Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe. Thug an Bhanríon Victoria cuairt ar Éirinn ceithre huaire: in 1849, in 1853, in 1861 agus in 1900.[3]
1849
Tugadh ‘Banríon an
Drochshaoil’ uirthi óir tháinig sí féin agus an Prionsa Albert go hÉirinn in 1849, i rith an Ghorta Mhóir, agus is minic a deirtear nár thug sí ach £5 chun cabhrú leis na daoine a bhí ag fáil bháis leis an ocras. Is é fírinne an scéil gur bhronn sí £2,000, áfach; agus gríosaíodh í i rith na cuairte sin ag muintir Corcaí, ag muintir Bhaile Átha Cliath, agus i mBéal Feirste (tá an scéal níos casta áfach[3]). Athainmníodh Cóbh (a tugadh Cove air i mBéarla roimhe seo) mar Queenstown ('baile na banríona') chun an chuairt seo a cheiliúradh.
1853
Tháinig an bhanríon agus a céile go hÉirinn arís in 1853, chun the Exhibition of Art and Art Industry a fheiceáil i mBaile Átha Cliath.
1861
D’fhill sí ar an tír arís in 1861, le triúr dá gclann, chun a mac is sine, an Prionsa Albert Éadbhard, a fheiceáil (bhí sé ag traenáil leis an arm sa Churrach). Le linn na cuairte seo, d’fhan an teaghlach ríoga i dTeach Fhear Ionad na Banríona (Áras an Uachtaráin anois) agus ansin i dTeach Mhucrois. Ina dhiaidh sin, bhí ar úinéir Theach Mhucrois, Henry Arthur Albert, an teach a dhíol chun íoc as na costais.
1900
D’eagraíodh an chuairt dheireanach go hÉirinn, i mí Aibreáin 1900, chun crógacht na saighdiúirí Éireannacha sa Chogadh in Afraic Theas a chomóradh. Bronnadh bonn do gach uile phóilín a bhí ar dualgas ag a coinní agus do gach uile státseirbhíseach a bhí ar dualgas i mBaile Átha Cliath le linn na cuairte.
Rialtas Dúchais
cuir in eagarSheas Victoria an fód in aghaidh Rialtas Dúchais na hÉireann, áfach, agus níor réitigh sí go maith leis an bPríomh-Aire William Ewart Gladstone, a chuir an Chéad Bhille Rialtas Dúchais agus an Dara Bille Rialtas Dúchais os comhair na parlaiminte.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga).
- ↑ ““Victorian” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ 3.0 3.1 Dan Buckley (2010-06-26). "A queen’s welcome: Victoria’s stormy affair with Ireland" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-02-28.