Seoirse IV na Ríochta Aontaithe
Bhí Seoirse IV (12 Lúnasa 1762 – 26 Meitheamh 1830) ina rí ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ó 29 Eanáir 1820 go lá a bháis. Bhí sé ina leasrí ag a athair, Seoirse III, nuair a bhí tinneas meabhrach ag luí go trom air siúd, ó 1811 go dtí 1820. D'éirigh leis an mBreatain agus a comhghuaillithe an bua a fháil ar fhórsaí Napoleon le linn a réimis siúd. Is iomaí cur isteach a rinne Seoirse ar chúrsaí polaitíochta sa ríocht, go háirithe maidir le Fuascailt na gCaitliceach. Tháinig a dheartháir, Liam IV, i gcomharbacht air.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |