Banphrionsa Egbado de mhuintir Yoruba in Iarthar na hAfraice ab ea Sara Forbes Bonetta, (rugadh Omoba Aina) (1843 - 15 Lúnasa 1880). D'fhág an coagadh in aghaidh Ríocht Dahomey ina ndílleachtaí í, agus tháinig sí ina sclábhaí ar an Rí Ghezo ina dhiaidh sin.

Sara Forbes Bonetta
Sara Forbes Bonetta (15 September 1862).jpg
Saol
Eolas breithe Yorùbáland (en) Aistrigh, 1843
Náisiúntacht An Nigéir
Bás Funchal (en) Aistrigh, Lúnasa 15, 1880
Áit adhlactha Funchal (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (eitinn)
Muintir
Céile/Céilí James Pinson Labulo Davies  (1862 -  1880)
Páistí
Gairm
Gairm uasal

Le cor cinniúna iontach, scaoil an Captaen Frederick E. Forbes ó Chabhlach Ríoga na Breataine saor í, agus rinneadh iníon bhaistí den Bhanríon Victoria di.

Bhí sí pósta leis an gCaptaen James Pinson Labulo Davies, daonchara saibhir i Lagos.

ÓigeCuir in Eagar

 
Liteagraf Forbes Bonetta, bunaithe ar líníocht Frederick E. Forbes, óna leabhar 1851 Dahomey and the Dahomans being the journals of two missions to the king of Dahomey, and residence at his capital, in the year 1849 and 1850.

Omoba Aina ab ainm di ar dtús. Rugadh í in 1843 in Oke-Odan, sráidbhaile Egbado. Sa bhliain 1848, rinne arm Dahomeyan ionradh ar Oke-Odan. Fuair tuismitheoirí Aina bás le linn an ionsaí, agus maraíodh cónaitheoirí eile nó díoladh iad i dtrádáil sclábhaithe an Atlantaigh.

Chríochnaigh Aina i gcúirt an Rí Ghezo mar sclábhaí agus í cúig bhliain d'aois. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, scaoil an Captaen Frederick E. Forbes ón gCabhlach Ríoga saor í, agus é san Ríocht Dahomey ar mhisean taidhleoireachta chun deireadh a chur rannpháirtíocht Dahomey i dtrádáil sclábhaíochta an Atlantaigh.[1]

Dhiúltaigh an Rí Ghezo deireadh a chur le trádáil sclábhaíochta Dahomey, agus ina ionad sin thairg sé Aina mar "bhronntanas". As imní faoi Aina, agus an seans gur cuireadh chun báis í i searmanasíobairt dhaonna, ghlac an Captaen Forbes léi in ainm an Bhanríona Victoria, agus d’fhill sé ar an mBreatain lei.[2]

Thug Captaen Forbes an ainm Sara Forbes Bonetta di, as a loinge an HMS Bonetta. Sa bhliain 1850, bhuail sí leis an bhanríon Victoria, a bhí tógtha leis éirim an bhanphrionsa óg. D’ardaigh Victoria an cailín, a thug sí 'Sally' uirthi, mar a iníon bhaistí i meánaicme na Breataine.

Sa bhliain 1851, tháinig casacht ainsealach ar Sara, a cuireadh síos don aeráid na Breataine. Chuir a caomhnóirí í ar scoil san Afraic mí Bealtaine an bhliain sin, agus í ocht mbliana d’aois.

D’fhill sí ar ais go Sasana i 1855, nuair a bhí sí 12. Cuireadh sí faoi chúram an tUrramach Frederick Scheon agus a bhean chéile, a bhí ina gcónaí i Palm Cottage, Sráid Canterbury, Gillingham. Maireann an teach. Mí Eanáir 1862, fuair sí cuireadh chuig an bhainis iníon na Banríona Victoria, an Banphrionsa Alice.[3]

Pósadh agus leanaíCuir in Eagar

 
Portráid le James Pinson Labulo Davies agus Sara Forbes Bonetta, a ghlac Camille Silvy i Londain sa bhliain 1862

Thug an Bhanríon cead di an Captaen James Pinson Labulo Davies a phósadh in Eaglais San Nioclás i mBrighton, East Sussex, mí Lúnasa 1862. Ina dhiaidh sin, bhí a chónaí uirthi ag 17 Clifton Hill i gceantar Montpelier i mBrighton.

Fear gnó as Yoruba ab ea an Captaen Davies, agus tar éis a bpósta bhog an lánúin ar ais go dtí a n-Afraic dhúchais, áit a raibh triúr leanaí acu: Victoria Davies (1863), Arthur Davies (1871), agus Stella Davies (1873).

Bíodh Sara Forbes Bonetta fós ina dhlúthchara an mBanríon Victoria. Bhí sí féin agus an tEaspag Samuel Ajayi Crowther na t-aon bundhúchasaigh i Lagos go raibh buanorduithe ag an gCabhlach Ríoga iad a h-aslonnaigh i gcás éirí amach.

Bhí Victoria Matilda Davies, an chéad iníon Bonetta, inmníodh as an banríona, agus bhí sí féin ina iníon bhaistí na Banríona freisin. Phós sí an dochtúir rathúil Lagos John K. Randle, agus bhí mac aici, fear gnó ón Nigéir agus socialite JK Randle.[4] Bhí iníon le chéile ag Stella Davies, an dara iníon Bonetta, agus Herbert Macaulay, garmhac le Samuel Ajayi Crowther: Sarah Abigail Idowu Macaulay Adadevoh (ainmnithe as Sarah máthair a máithreacha, agus Abigail, mháthair a athar). Bíonn scata de chlann Sara anois Sasana agus Siarra Leon, le brainse de chuid na huasaicme, an teaghlach Randle i Lagos, mór le rá sa Nigéir comhaimseartha.[5][6][7]

Bás agus oidhreachtCuir in Eagar

Fuair Sara Forbes Bonetta bás den eitinn an 15 Lúnasa 1880 i gcathair Funchal, an príomhchathairMhaidéara.

Thóg a fear céile, an Captaen Davies, oibilisc eibhir suas le ocht dtroithe in airde ina gcuimhne ag Ijon in Iarthar Lagos, áit a bhíodh feirm cócó aige. Is é seo a leanas atá ar an oibilisc:

IN MEMORY OF PRINCESS SARAH FORBES BONETTA

WIFE OF THE HON J.P.L. DAVIES,

WHO DEPARTED THIS LIFE AT MADEIRA AUGUST 15TH 1880

AGED 37 YEARS

Tá a h-uaigh uimhir 206 sa Reilig Funchal na Breataine, in aice láimhe den Eaglais Anglacánach na Tríonóide Naofa, Rua Quebra Costas Funchal, Maidéara.[8]

Cuireadh plaic ag comóradh Forbes Bonetta ar Palm Cottage sa bhliain 2016, mar chuid den tsraith teilifíse Black and British: A Forgotten History.[9]

Taispeánadh portráid de Forbes Bonetta leis an ealaíontóir Hannah Uzor i dTeach Osborne ar Oileán Wight mí Dheireadh Fómhair 2020 mar chuid d’iarracht ó English Heritage aitheantas a thabhairt do stair na ndaoine gorm i Sasana.

Léir Zaris-Angel Hator Forbes Bonetta sraith teilifíse ITV Victoria sa bhliain 2017.

GailearaíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

Léitheoireacht bhreiseCuir in Eagar

  • Walter Dean Myers (1999). At Her Majesty's Request: An African Princess in Victorian England. Scholastic Press. ISBN 978-0590486699.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar