Victoria na Ríochta Aontaithe

Bhí Victoria (24 Bealtaine 181922 Eanáir 1901) ina banríon ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ó 20 Meitheamh 1837 ar aghaidh. Bhí sí ar an gcéad Bhanimpire ar an India ó 1 Bealtaine 1876 go dtí lá a báis ar 22 Eanáir 1901.

Victoria na Ríochta Aontaithe
Queen Victoria by Bassano.jpg
monarch of the United Kingdom of Great Britain and Ireland (en) Aistrigh

Meitheamh 20, 1837 - Eanáir 22, 1901
Liam IV na Ríochta Aontaithe - Éadbhard VII na Ríochta Aontaithe
monarc Cheanada

Iúil 1, 1867 - Eanáir 22, 1901
← luach ar iarraidh - Éadbhard VII na Ríochta Aontaithe
Impire na hIndia

Bealtaine 1, 1876 - Eanáir 22, 1901
← luach ar iarraidh - Éadbhard VII na Ríochta Aontaithe
Saol
Ainm iomlánPrincess Alexandrina Victoria of Kent
Eolas breithePálás Kensington, 24 Bealtaine 1819
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Áit chónaithePálás Kensington
Pálás Buckingham
Osborne House
Caisleán Windsor
BásOsborne House, 22 Eanáir 1901
Áit adhlacthaThe Royal Mausoleum (en) Aistrigh
Royal Burial Ground (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (rith fola ceirbreach)
Muintir
AthairAn Prionsa Edward, Diúc Kent agus Strathearn
MáthairPrincess Victoria, Duchess of Kent and Strathearn
Céile/CéilíAlbert, Prince Consort (en) Aistrigh  (Feabhra 10, 1840 -  Nollaig 14, 1861)
Páistí
Siblíní
Teaghlach
TreibhTeaghlach Hanover
Oideachas
Alma materWindlesham House School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Ghearmáinis
an Fhraincis
An Iodáilis
An Laidin
MúinteoiríLuigi Lablache (en) Aistrigh
Gairm
Gairmmonarc, péintéir, scríbhneoir, dialannaí, dírbheathaisnéisí agus uasal
Duaiseanna
BallraíochtAn Cumann Ríoga
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas
IMDbnm0703075
Queen Victoria Signature.svg
1860, le JJE Mayall

Mhair a réimeas ar feadh 63 bliain, an réimeas is faide a bhí ag aon mhonarc na Breataine riamh, go dtí gur éirigh Eilís II ar an mbanríon is faide i réim i 2015.[1] Tugtar 'An Ré Victeoiriach'[2] ar aimsir a réimis.

Tháinig a mac, Éadbhard VII, i gcomharbacht uirthi.

Haemaifiliaː Banríon Victoria agus a chlann

Victoria agus ÉireCuir in Eagar

In am Victoria, bhí Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe. Thug an Bhanríon Victoria cuairt ar Éirinn ceithre huaire: in 1849, in 1853, in 1861 agus in 1900.[3]

 
1849? slán a rá leis an Ard-Leifteanant (Lord Lieutenant)

1849

Tugadh ‘Banríon an

 
1868

Drochshaoil’ uirthi óir tháinig sí féin agus an Prionsa Albert go hÉirinn in 1849, i rith an Ghorta Mhóir, agus is minic a deirtear nár thug sí ach £5 chun cabhrú leis na daoine a bhí ag fáil bháis leis an ocras. Is é fírinne an scéil gur bhronn sí £2,000, áfach; agus gríosaíodh í i rith na cuairte sin ag muintir Corcaí, ag muintir Bhaile Átha Cliath, agus i mBéal Feirste (tá an scéal níos casta áfach[3]). Athainmníodh Cóbh (a tugadh Cove air i mBéarla roimhe seo) mar Queenstown ('baile na banríona') chun an chuairt seo a cheiliúradh.

 
Sráid Grafton , 1900

1853

 
1900

Tháinig an bhanríon agus a céile go hÉirinn arís in 1853, chun the Exhibition of Art and Art Industry a fheiceáil i mBaile Átha Cliath.

1861

D’fhill sí ar an tír arís in 1861, le triúr dá gclann, chun a mac is sine, an Prionsa Albert Éadbhard, a fheiceáil (bhí sé ag traenáil leis an arm sa Churrach). Le linn na cuairte seo, d’fhan an teaghlach ríoga i dTeach Fhear Ionad na Banríona (Áras an Uachtaráin anois) agus ansin i dTeach Mhucrois. Ina dhiaidh sin, bhí ar úinéir Theach Mhucrois, Henry Arthur Albert, an teach a dhíol chun íoc as na costais.

1900

D’eagraíodh an chuairt dheireanach go hÉirinn, i mí Aibreáin 1900, chun crógacht na saighdiúirí Éireannacha sa Chogadh in Afraic Theas a chomóradh. Bronnadh bonn do gach uile phóilín a bhí ar dualgas ag a coinní agus do gach uile státseirbhíseach a bhí ar dualgas i mBaile Átha Cliath le linn na cuairte.

Rialtas DúchaisCuir in Eagar

Sheas Victoria an fód in aghaidh Rialtas Dúchais na hÉireann, áfach, agus níor réitigh sí go maith leis an bPríomh-Aire William Ewart Gladstone, a chuir an Chéad Bhille Rialtas Dúchais agus an Dara Bille Rialtas Dúchais os comhair na parlaiminte.

 
Dealbh i mBéal Feiste inniu

TagairtíCuir in Eagar

  1. Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga). 
  2. "focal.ie" (ga). www.focal.ie. Dáta rochtana: 2022-02-28.
  3. 3.0 3.1 Dan Buckley (2010-06-26). "A queen’s welcome: Victoria’s stormy affair with Ireland" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-02-28.