Is neamhord fola í an haemaifilia, galar géiniteach a tharlaíonn i bhfireannaigh den chuid is mó, ina moillítear téachtadh na fola as cuimse.[1] Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr.

A woman suffering from Hemophilia.png
dlúthán
Banríon Victoria agus a chlann
X-linked recessive (2).svg

Ceiliúrtar Lá Domhanda Haemaifilia ar an 17 Aibreán gach bliain ó 1989 i leith. Tá sé mar aidhm leis feasacht agus tuiscint an phobail i gcoitinne a mhéadú agus a aird a dhíriú ar na saincheisteanna a bhaineann le haemaifilia agus neamhoird fuilithe eile.[2]

TréitheCuir in Eagar

I ngnáthduine, nuair a tharlaíonn créacht, tosaíonn eagar imoibrithe ceimiceacha sa bhfuil a dhéanann gréasán den phróitéin ar a dtugtar fibrin, agus cabhraíonn an téachtán fola seo le bac a chur le cailleadh na fola agus an chréacht a chneasú.

I nduine le haemaifilia, bíonn ceimiceán arnháin is gá do na himoibrithe seo as láthair, Fachtóir VIII, agus moillítear an téachtadh nó stoptar ar fad é.

Is féidir go gcuirfidh an haemaifiliach a chuid fola go bás, as créacht cuibheasach beag, fiú.

Is é an chóir leighis ar haemaifilia ná Fachtóir VIII a fháil trí fhuilaistriú. Tá haemifilia eile ann a tharlaíonn go hannamh ina mbíonn fachtóir eile as láthair, fachtóir IX, agus déantar cóireáil air cosúil le hinstealladh fachtóir IX.

Haemaifilia ACuir in Eagar

Is í Haemaifilia A an cineál haemaifilia is coitianta i measc an phobail. Bíonn fadhbanna níos minice i bhfir, do dhuine amháin as gach 5,000 go gach 10,000 fear.

Haemaifilia BCuir in Eagar

Haemaifilia CCuir in Eagar

Cúram in EirinnCuir in Eagar

Meastar, a dúirt an tAire Sláinte sa bhliain 2019, "go bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear in Ionaid Chúraim Chuimsithigh i measc na seirbhísí is fearr ar domhan. Is iad na hionaid sin an tIonad Náisiúnta Téachta in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath; an tIonad Téachta in Ospidéal Ollscoile Chorcaí; agus Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn."[2]

Seans go leigheasfar haemaifiliaigh le géinteiripe amach anseo, ionas gur féidir lena gcolainneacha a bhfachtóir VIII féin a dhéanamh.[3]

Sa bhliain 2014, bhí cumann Haemaifilia na hÉireann ag éileamh go gcuirfí cógas leighis nua ar fáil go luath do 350 duine a bhfuil an víreas Heipitíteas C orthu agus atá go dona tinn dá bharr.[4]

Féach freisinCuir in Eagar

NaiscCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  2. 2.0 2.1 "Comóireann an tAire Sláinte an Lá Domhanda Haemaifilia 2019" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-04-17.
  3. "First person with haemophilia in Ireland treated with gene therapy" (en-GB). Irish Haemophilia Society (2020-03-05). Dáta rochtana: 2021-04-17.
  4. Nuacht RTÉ (2014-09-15). "'Cuirtear cógas leighis nua ar fáil' - lucht haemaifilia" (in ga). 
  5. "Welcome to haemophilia.ie" (en-GB). Irish Haemophilia Society. Dáta rochtana: 2021-04-17.