Isaac Butt
Abhcóide, polaiteoir, Teachta Parlaiminte ab ea Isaac Butt (Gaeilge: Íosóg de Bót) (6 Meán Fómhair 1813 - 5 Bealtaine 1879).[1]
Bhunaigh sé Cumann Coimeádach Dúthach na hÉireann sa bhliain 1836, Cumann an Rialtais Dúchais i 1870 agus Léig an Rialtais Dúchais i 1873, Bhí Butt níos coimeádaí ná a chomhghleacaithe agus tháinig sé salach orthu faoi dheireadh.
Saol
cuir in eagarRugadh Butt i nGlenfin, ceantar ar bruacha Abhainn na Finne i gContae Dhún na nGall in Éirinn. Tá Glenfin beagáinín siar ó Bhealach Féich. Bhí a athair mar reachtaire ar Eaglais na hÉireann ach ba de shliocht na Ó Dónaill de Thír Chonaill chomh maith, trí na Ramsaithe. Fuair sé a oideachas dara leibhéal ag an Scoil Ríoga i Rath Bhoth, Dún na nGall, agus ag Coláiste Midleton i gContae Corcaí.
D'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus é cúig bliana déag d'aois. Bhunaigh sé an Dublin University Magazine, agus bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán ar feadh ceithre bliana. Ar feadh cuid mhaith dá shaol, bhí sé ina bhall de Pháirtí Coimeádach na hÉireann.
Abhcóide
cuir in eagarCéimí de chuid Choláiste na Tríonóide, glaodh chun an Bharra ar Butt sa bhliain 1838. Níorbh fhada go dtí gur bhain sé amach stádas mar dhuine de na habhcóidí ab fhearr in Éirinn i lár an naoú haois déag. Mar gheall ar an ról mar dhlíodóir cosanta, bhí teagmháil phearsanta aige lena lán Fíníní agus bhí tionchar aige sin ar roinnt ball de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, a thug a dtacaíocht do chúis an Rialtais Dúchais ní b'fhaide anonn.
Polaitíocht
cuir in eagarSa pholaitíocht bhí Butt ina Choimeádach ar dtús, mar bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath agus mar Fheisire de chuid na dTóraithe ar son Eochaille ó 1852 go 1857. (San olltoghchán 1852, tóghadh Butt sa dháilcheantar Harwich, i Sasana, ach rinne sé an cinneadh a bheith ina fheisire d'Eochaill).
Bhí sé i gcoinne Aisghairm an Aontais i gcaitheamh an ama ar fad a raibh sé sa pholaitíocht. Ach ó na 1840idí ar aghaidh, i rith An Gorta Mór go háirithe, mhéadaigh ar a chreideamh gur chóir córas cónaidhmeach a chur a bun sa Ríocht Aontaithe, le parlaimint Éireannach a mbeadh smacht ar ghnóthaí baile na tíre aici.
Tar éis dó a bheith ina ionadaí d'Eochaill mar Liobrálaí ó 1857 go 1865, chaill sé a suíochán in aghaidh leathbhádóir de chuid an pháirtí san olltoghchán sa bhliain chéanna.
Chosain sé ceannairí Éirí Amach na bhFíníní. Mheall an pholaitíocht arís é agus é ina chathaoirleach ar an gComhlachas um Maithiúnas (sa bhliain 1869), rud a tháinig as an ionadaíocht a rinne sé ar son Fíníní sna cúirteanna.
Bhunaigh Butt Comhlachas Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1870 agus chuir sé Léig an Rialtais Dúchais ina háit sa bhliain 1873. Idir an dá linn toghadh mar fheisire ar son Luimnigh é (gan freasúra) i bhfothoghchán sa bhliain 1871; bhí sé ina fheisire don chathair go dtí go bhfuair sé bás.
In olltoghchán 1874, toghadh 59 rialtóirí dúchais agus chuir siad Páirtí Parlaiminteach na hÉireann ar bun, ar raibh Butt ina chathaoirleach air.
Mar sin féin, ní raibh sa pháirtí ach brúghrúpa parlaiminteach nach raibh cuma ná caoi air agus níorbh fhada go dtí gur ceistíodh a cheannaireacht, ag bacóirí ar nós Joseph Biggar agus, ní ba mhó, Cathal Stiúbhard Parnell.
Cheap Butt gur mhór an náire teaicticí parlaiminteacha Parnell. Thosaigh ball den Léig, Joseph Biggar (comhalta sinsearach de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann ag an am), ag baint úsáid as an oirbheart "bacóireacht", chun bac a chur ar bhillí ag dul trí Theach na dTeachtaí.
Ní raibh Butt, a bhí ag éirí sean agus i ndrochshláinte, in ann coimeád suas leis an teaictic seo agus mheas sé go raibh sé fritorthúil. I mí Iúil 1877, rinne Butt bagairt éirí as an bpáirtí.
Meath
cuir in eagarTharla deireadh leis an scéal i mí na Nollaig 1878, nuair a ghlaoidh an Pharlaimint le chéile chun an cogadh san Afganastáin a phlé. Mheas Butt go raibh an plé seo tábhachtach d'Impireacht na Breataine agus ní chóir chur isteach air. Thug sé rabhadh chun staonadh ón mbacóireacht. Lean an Náisiúnaí John Dillonn ar aghaidh leis an mbacóireacht agus fuair sé tacaíocht maith ó na baill eile i mí Feabhra 1879. Bhí a fhios ag Butt agus an domhan mór go raibh a am sa pháirtí críochnaithe.
Brúdh Butt i leataobh i Léig an Rialtais Dúchais de bharr an easaontaithe seo. Mar thoradh, tháinig meath mór ar a shláinte, cé go raibh sé ina chathaoirleach uirthi go dtí go bhfuair sé bás.
Bás
cuir in eagarCé gur éirigh go maith leis mar abhcóide, bhí sé céasta ag a chuid fiacha, i bpáirt toisc nach raibh ord ná eagar ar a shaol pearsanta.
Bhuail stróc Butt, a bhí ag fulaingt le broincíteas, mí an Bhealtaine dár gcionn agus fuair sé bás laistigh de sheachtain. Thóg William Shaw a áit, agus thóg Charles Stewart Parnell áit Shaw i 1880.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Isaac Butt". Dáta rochtana: 2021.