Bráithreachas na bhFíníní
Eagraíocht náisiúnach Éireannach ba ea Bráithreachas na bhFíníní (Béarla: Fenian Brotherhood), a bunaíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa 19ú haois.
In Éirinn, bhunaigh Séamas Mac Stiofáin Bráithreachas na Poblachta sna 1850idí.
Craobh Mheiriceánach den ghluaiseacht Éireannach Bráithreachas na Poblachta ba ea Bráithreachas na bhFíníní. B'iad Seán Ó Mathúna agus Michael Doheny na daoine a chuir tús leis sa bhliain 1858.
Fíníní a tugadh orthu de ghnáth. Tháinig an t-ainm ó na Fianna, na laochra cáiliúla i mbéaloideas na hÉireann.
Tháinig Clan na Gael isteach in áit an bhráithreachais níos déanaí.
EachtraíCuir in Eagar
- Éirí Amach na bhFíníní (1867)
- Ionsaí Clerkenwell (1867)
- An Tarrtháil Catalpa: Ar an 17 Aibreán, 1876, d'éalaigh seisear Fíníní as príosún i Fremantle, an Astráil, ar an long Catalpa.[1]
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |