Osclóidh seo an príomhroghchlár
Séamas Mac Stiofáin.

Ba náisiúnaí Éireannach é Séamas Mac StiofáinJames Stephens as Béarla (1825 - 29 Márta 1901[1]), a bhunaigh Bráithreachas na bhFíníní timpeall na bliana 1850 (athraíodh an t-ainm go Bráithreachas na Poblachta ní ba dhéanaí). An leasainm a bhí air ná "an Seabhac".

LuathshaolCuir in Eagar

Ba Phrotastúnach as gContae Chill Chainnigh é.

Chaith sé cuid mhór dá shaol thar lear, ar deoraíocht san Eoraip don chuid is mó.

RéabhlóidíCuir in Eagar

Sna 1860idí, thaisteal sé timpeall na tíre in Éirinn, ag iarraidh éirí amach a chur le chéile i gcoinne na mBriotanach.

B'iad Séamas Mac Stiofáin agus Bráithreachas na bhFíníní a chuir tús le Éirí Amach na bhFíníní sa bhliain 1867. Réabhlóid mí-rathúil a bhí ann ón tús, áfach, agus ba bheag nár cuireadh deireadh leis na bhFíníní sa tír ag an am.

 
Séamas Mac Stiofáin nó James Stephens

Chreid Mac Stiofáin go raibh trian d'Arm na Breataine ina mbaill de na Fíníní. Ach léirigh easpa tacaíochta nach raibh an meastachán sin réadúil.

BásCuir in Eagar

D’fhill sé ar Éirinn agus Baile Átha Cliath sa bhliain 1891; bhí sé ina chónaí ag 82 George's Avenue i gCarraig Dhubh, BÁC, agus le cuidiú ó Pharnell agus airgead ó mhuintir a chéile (na Hoppers, ina gcónaí i mBaile na Manach) ní raibh lá buartha air níos mó.[2]

Fuair sé bás tobann (taom croí b’fhédir) ar 29 Marta 1901, 77  bliain d’aois.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. ucdpress.ie. "UCD Press 2007-8". Dáta rochtana: 2019.
  2. "James Stephens (Fenian Patriot)". www.james-stephens.com. Dáta rochtana: 2019-04-28.