Eagraíocht náisiúnaíoch rúnda, faoi mhionn dílseachta, Éireannach ab ea Bráithreachas na PoblachtaBráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ) (Irish Republican Brotherhood (IRB) mar a ghlaoitear air as Béarla). Bhí an eagraíocht dírithe ar Éire a shaoradh ó bhráca Shasana, agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh.

Bosca Sonraí EagraíochtaBráithreachas na Poblachta
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn
Náisiúnachas in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1858
Bunaitheoir(í)Seán Ó Mathúna, Séamas Mac Stiofáin agus Thomas Clarke Luby Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1924 Cuir in eagar ar Wikidata

D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós Chumann Lúthchleas na nGael agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916.

Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.

B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an tIRA go gairid ina dhiaidh sin.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Séamas Mac Stiofáin Bráithreachas na Poblachta sna 1850idí.

Uachtaráin ar Bhráithreachas na Poblachta (1858-1922) cuir in eagar