Énrí Ó Beóláin

poblachtánach agus polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach ab ea Énrí Ó Beóláin (leagan comhaimseartha Gaeilge; bheadh Annraoi Ó Beoláin níos cóngaraí do chaighdeán na teanga inniu), nó Harry Boland as Béarla. Rugadh an Beólánach sa bhliain 1887, agus d'éag sé sa bhliain 1922.

Ó Beóláin ar chlé

Bhí sé ina Theachta ar an Chéad Dáil agus ina chúntóir ag Mícheál Ó Coileáin. Níor ghlac an Beólánach leis an gConradh Angla-Éireannach, agus nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na hÉireann, throid sé ar an taobh frith-Chonartha. Fuair sé bás i bpáirc an áir.

Ba pholaiteoir sinsearach de chuid Fhianna Fáil é a dheartháir Gearalt Ó Beóláin (1885-1973).

Kitty Kiernan

SaolCuir in Eagar

Tháinig an Beólánach chun saoil i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh sé i gCumann Lúthchleas Gael nuair a bhí sé óg. Sa deireadh, chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta agus in Óglaigh na hÉireann freisin.

Throid an Beólánach in Éirí Amach na Cásca. In olltoghcháin na bliana 1918, vótáladh isteach é mar fheisire do Ros Comáin Theas. Cosúil le Feisirí Shinn Féin go léir, níor bhac sé lena shuíochán i Londain. Ina áit sin, chuaigh sé sa Chéad Dáil. Cheap Eamon de Valera é mar theachtaire speisialta le dul go dtí na Stáit Aontaithe ag iarraidh aitheantais do Phoblacht na hÉireann agus ag cothú tacaíochta leis an bpoblacht nua i measc phobal Éireannach na Stát.

Le linn Cogadh na Saoirse, bhí an Beólánach agus Mícheál Ó Coileáin ag comhoibriú le chéile go dlúth. Nuair a shínigh an Coileánach an Conradh Angla-Éireannach, áfach, thréig a chara é, agus chuaigh sé leis na Poblachtánaigh.

Saighdiúirí de chuid Arm an tSaorstáit a mharaigh an Beólánach le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. Tháinig siad air in Óstán Skerries Grand. Ghoin siad go héag é; shíothlaigh sé cúpla lá ina dhiaidh sin in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath. Tá plaic cuimhneacháin le feiceáil san áit inar goineadh é, cé go bhfuil an t-óstán féin imithe le fada.

Sa scannán Michael Collins le Neil Jordan sa bhliain 1996, rinne an t-aisteoir Meiriceánach Aidan Quinn páirt Uí Bheóláin.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar