Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann
Ospidéal oiliúna é Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann nó níos minice Ospidéal Naomh Uinseann (úsáidtear Ospidéal Ollscoile Uinsinn chomh maith) (Béarla: St. Vincents University Hospital nó SVUH) atá lonnaithe ag Páirc na Leamhán, ó dheas ó chathair Bhaile Átha Cliath, Éire.

Tá an t-ospidéal lonnaithe ag crosaire Bhóthar Mhuirfean, trasna ó Ionad Siopadóireachta Mhuirfean agus ar láimh Cumann Gailf Pháirc na Leamhán. Tá sé nasctha le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath atá suite beagán uaidh.
StairCuir in Eagar
Bunaíodh sean-Ospidéal Naomh Uinseann ar Fhaiche Stiabhna ar an 23 Eanáir 1834 ag Mother Mary Aikenhead,[1] an bhean a bhunaigh Siúracha na Carthanachta, ord rialta de chuid na gCaitliceach.
Bhí cead ag cách cúram a fháil san ospidéal, agus ba chuma cén creideamh lenar bhain siad.
Bhog an t-ospidéal chuig an suíomh reatha i bPáirc na Leamhán sa bhliain 1970.
Ath-ainmníodh an t-ospidéal sa bhliain 1999 faoin ainm Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann le léiriú go raibh an t-ospidéal mar phríomh-ospidéal oiliúa ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Mary Aikenhead" (in en) (2020-10-14). Wikipedia.